...

"a deeply expressive voice"
-Siobhán long, The Irish Times

"a man of great imagination"
-Dai Jeffries  Folking.com

"truly extraordinary” 
- David Kidman The Living Tradition

"Spine-tingling"   -FRoots

 

 

songbook

A selection of some Irish traditional songs

 

Airdí Cuan
Aisling gheal
Amhrán na heascainne
Amhrán na leabhar
An Bhuatais
An Buachaill caol dubh
An Buachaillín Bán
An Caiptín Ó Máille
An Clár Bog Déil

An Druimfhion Donn Dílis
An Mhaighdean Mhara
An raibh tú ar an gCarraig
An Rógaire Dubh
An Sagairt Ó Dhomhnaill
An Scailpín Draighneach

An Spailpín Fánach
Bean Dubh an Ghleanna
Bímís ag ól
Cailín Álainn
Cailleach an Airgid
Caoineadh na dTrí Mhuire
Casadh an tSúgán
Cath Chéim an Fhia
Contae Mhuigheo
Donnacha Bán
Eileanóir na Rún
Johnny Seoighe
Máire Ní Laoghaire
Na cleaganna
Na Connerys
Na Táilliúirí
Oró sé do Bheatha abhaile
Peigín Leitir Mór
Raithineach a bhean bheag
Rosc Catha na Mumhan
Saileog rua

Sliabh na mBan
Táimse i ‘m choladh
Thugamar féin an Samhradh linn
Tomás Bán Mac Aogáin
Tuireamh Mhic Finín Dhuibh

Úna Bhán 

 

For the church

Ag Chríost an síol
A rí an Domhnaigh
Críost liom
Sé an Tiarna m'aoire
Is Naofa, Naofa, Naofa Thú

 


AirdÍ Cuan

Dá mbeinn féin in Airdí Cuan
In aice an tsléibhe úd ‘tá i bhfad uaim
B’annamh liom gan dul ar cuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh

Cúrfá:
Agus och, och Éire ‘lig is ó
É ire lonndubh agus ó
‘ s é mo chroí ‘tá trom agus brónach

Is iomaí Nollaig ‘bhí mé féín
I mbun abhann Doinne is mé gan chéill
Ag iomáin ar an trá bhán
Is mo chamán bán i mo dhorn liom

Nach tuirseach mise anseo liom féin
Nach nairím guth coiligh, londubh nó traon
Gealbhán, smaolach, naoscach féin
Is chan aithním féin an Domhnach

Dá mbeadh agam féin ach coit is rámh
Nó go n-iomarfainn ar an tsnámh
Ag dúil as Dia go sroichfinn slán
Is go bhfaighinn bás in Éirinn

 


 

Aisling gheall | get the cd

Aisling gheall, do shlad trím néal mé
Is go rabhas tréag lag i seal i’m luí
Is go rabhas i ngleann cois abhann i’m aonar
‘ S go rabhas ag aerach le grá mo chroí
Go raibh na gcampaí Gall in Gaelach
Agus claimhte géara ag uaisle an tsaoil
Ag breith bharraigh is a rá le chéile.
Go mbeadh clan na bhfaoite anois le fáil gan mhoill

Ba ghearr a shamhaill dom go dhearcas mary
Gus grauig a cinn leí go féar ag fás
Dea-fholt ag teacht mar na réaltan
Ag titim leíse go barr a troigh
Ag scuaib an drúchta de bharr an fhéar ghlais
Is is lúfar éadroim mar a shiúladh sí
A da chíoch chruinn ar a hucht go néata
A ghrau mar caortha 's do’b fháil liom a píob

Do bheannaíos-sa dom chuid I nGaelainn
‘ S is modhuil ‘s is béasach do fhreagair sí
A phlúr na bhfearr mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé nár thánaig dh’aois
Da diocfaidh sa ngreann dúinn clan a dhéanamh
Is da mbeadfá séantach in san ghníomh
Go gear ón mbás mé is go bhfágfainnse Éire
Mar ghóst im aonar bheinn romhat sa tslí

Do leagas mo lámh uirthi go béasach
O bhunn a stays go barr a troighe
‘ S in aghaidh gach stair go ndeininn léamh dí
Go bpógfainn a béilín tlaith airís
Nuair a fuaireas-sa dhom gur ghéill sí
Mo chroí do léim mar an éan ar chraoibh
‘ S tri lár mo smaointe gur mhuscail néal mé
‘ S de chumha ‘na deidh siúd ní mhairfead mí

 


 

AmhrÁn na hEascainne | Get the cd

"Cá raibh tú ó mhaidin a dheartháirín ó?
Cá raibh tú ó mhaidin a phlúir na bhfear óg?"
" Ag iascach 's ag foghlaereacht, cóirigh mo leaba dhom,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a d'ith tú ag do bhricfeasta a dheartháirín ó?
Céard a d'ith tú ag do bhricfeasta a phlúir na bhfear óg?"
" Eascann a raibh lúb uirthi, nimh fuinte brúite uirthi,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a fhágfas tú ag do dheartháir a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do dheartháir a phlúir na bhfear óg?"
" Muise, cúig mhíle punt aige, gunna agus cú aige,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a fhágfas tú ag do dheirfiúr a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do dheifiúr a phlúir na bhfear óg?"
" Caoirigh beaga bána aici, na beithigh le bleán aici,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a fhágfas tú ag t'athair a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag t'athair a phlúir na bhfear óg?"
" Eochair mo stábla aige, cuig mile púnt aige,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a fhágfas tú ag do mháithrín a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do mháithrín a phlúir na bhfear óg?"
" Má fhágaim an saol go brách aici, fágfad croí cráite aici,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a fhágfas tú ag do chuid páistí a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do chuid páistí a phlúir na bhfear óg?"
" Muise fuacht fada 'gus seachrán, agus oíche ar gach bothán,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."

"Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta a phlúir na bhfear óg?"
" Ifreann mar dhúiche aici, na Flaithis a bheith dúinte uirthi,
Tá mé tinn fá mo chroí agus bead go deo deo."

 

The Song of the eel (Lord Randall)

"Where have you been since morning, my pet?
Where have you been since morning, oh flower of young men?"
" Fishing and fowling. Make my bed for me.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What did you eat at your breakfast, my pet?
What did you eat at your breakfast, oh flower of young men?"
" An eel with a twist in her, poison kneaded and mixed into her.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What will you leave your brother, my pet?
What will you leave your brother, oh flower of young men?"
" Five thousand pounds, a gun and a hound.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What will you leave your sister, my pet?
What will you leave your sister, oh flower of young men?"
" Little white sheep and the cattle to milk.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What will you leave your father, my pet?
What will you leave your father, oh flower of young men?"
" The key to my stable, that and my mare.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What will you leave your mother, my pet?
What will you leave your mother, oh flower of young men?"
" If I leave life forever to her I'll leave her a broken heart.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What will you leave your children, my pet?
What will you leave your children, oh flower of young men?"
" A long time wandering in the cold, and each night a different shelter.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."

"What will you leave your wedded wife, my pet?
What will you leave your wedded wife, oh flower of young men?"
" Hell as her surroundings and Heaven to be closed on her.
I'm sick in/to my heart and will be for ever and ever."

 


 

AmhrÁn na leabhar | Get the cd

Go cuain bhéil inse casadh mé, cois góilin aoibhin Dairbhre,
Mar a seoltar flit na farraige thar sáile I gcéin.
I bPortmagee do stadas seal, fé thuairim intinn maithease,
D’fhonn bheith sealad eatarthu mar mháistir léinn.
Is gear gur chuala eachtra ag cách mo léan,
Gur I mbord éoinin do cailleadh theas an t-árthach tréan,
Do phreab mo chroi le hatuirse I dtaobh loinge an tiosigh chalma,
Is go mb’fhearrde an tir I sheasamh seal do ráib an tséin

Mo chiach, mo chumha is m’atuirse, mé im iarsma dubh ag ainise,
Is mé go siorai ag déanamh marana ar mo chás bocht féin,
Mo chuid éadaigh chumhdaigh scapaithe, do bhi déanta cumtha ceaptha.
Is do thriall thar thriúchaibh banban, mar bhláth fém dhéin.
Iad a bheith imithe san bhfarraige ar bharr an scéil,
Is a thuilleadh acu san lasair is mé go támhach trém néal,
Ba thrua le cách ar maidin mé go buartha cásmhar ceasnaithe,
Is fuacht do chráigh im bhallaibh mé, gan snáth ón speir.

Ni hé sin is mó do chealg mé ná a chrá ‘ris im aigne
Ach nuair chinn féinn fuadar fearthainne gach lá fén spéir
Neart gaoithe ‘dtuaigh is anfa, agus sion ró mhór gan laga ‘r bith
Teinte buatha lacrach ‘gus scáil na gcaor.
Do chrom an uain ar sneachta chur le gala tréan
Na doigheanta cruadha peanaide, do lion ró mhór den ghalar mé
D’fhág tinn gan suan ar leabaidh mé go tláth I bpéin

 


 

An Bhuatais

Ailéiliú a dhuine a chuinnigh an t-ualach,
Ar mhiste leat gluaiseacht nó an mairfir go brách.
Bagún dod chistin a d’oirfearrómhar duit
Is má chuirfear san uaigh leat é codail go sámh.
Dá mhéad iad do dhlithe, d’ionmhas is d’ualach
Chífidh tú an tuama romhat lán des na cnámha
Ach de réir mar a thuigim do shentence an uair úd
Ní thabharfaise an bhuatais go flathis na grás

Is dóigh liom gur chodail tú i graicean mhic tire
Is an t-ainspiorad coimhthíoch ag faire ar do bhráid.
Ná dean dia ded bholg i bpobal na ndaoine,
Nó an bhfeiceann tú Gaeil bhocht le heasnamh ag fáil bháis.
D’aithníos ar do dhochma lá croite na síol dom
Nach raibh do chroí istigh ag smaoineamh ar eagla an bháis
Ach an crann a mbíonn an toradh air ní chloisim go gcríonann,
Is go bhfóir go caoin ort Mac Mhuire na ngrás.

An té a thabharfadh bliain ar an leaba i ngalar is i gcruatan
Is a d’éireodh ina sheasamh ag grafadh is ag bualadh,
Is ní smaoineodh ar aifreann beannaithe an uanmhic,
A shaorfadh ón gcruatan a anam lá an ghá.
Ailéliú, a dhuine, a chonaic tú na mílte,
Is ní fhaca tú íosa a d’fhulaing an pháis
Ar chranna an croise is aa chonairt á dheoladh,
Mar a mbíodh an fhuile ghlómar ina ceathanna ar lár.

Mo ghrá, mo lagar, I mbranar ag gluaiseacht,
Ní chloisim aon duan uait i bhflaitheas na ngrás;
Ní airim, ná meamram ná cneasta na stuama,
Ó cailleadh Eoghan Rua bocht níl a bharra le fáil.
Nó ar fhéach tú go minic ar dhuine a bhí i gcruatan?
Gheobhidh tú do dhualgas, mar a mheasaim, lá an bháis;
Raghair sna flaithis gan hata, gan bhuatais.
Ach cochall ró-ausal anuas ort go sail.

 


 

An buachaill caol dubh


Nuair a théim ar aonach ag cannach éadaigh
Agus bíonn an éirnis agam I mo láimh
Do síneann taobh liom an buachaill caol dubh
,S cuireann an caol-chraobh isteach I mo láimh
Is gear ‘na dhéidh sinn go mbíonn go haereach
Gan puinn dem chéill ‘gam ‘s mé os cionn an clár
A ‘díol na n-éileamh do bhíonn am chéasa
Seacht mí gan léine ‘s mé os cionn an clár

Sé an buachaill caol dubh fada féileach
Clisde léigheanta ‘s gur mhaith é a shnó
Do chlaoidh I bpéin mé ‘s do nhill I n-éag mé
Is d’fhág mé féinig ar beagán stóir
Dhon fhrainc dá dtéinn nó go cuan Binn Éadair
Nó a dul don léim sin go h-inis mór
Ó bíonn an séithleach im dhiadh ar saothar
Mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló

Do casadh aoibhill na craige léith orainn
A’ gabhaill na slí is do ghaibh liom báidh
Is dúirt dá ngéillfeadh an buachaill caol dubh
Go dtúrfadh céad fear dó suas im áit
Do labhair an caol-fhear go gonta gear leí
Is dúirt ná tréigfeadh a charaid ghnáth
Gur shúil sé Éire tré choillte ‘s réitigh
Le cumann cléibh is le searc im dheáidh

 


 

an clÁr bog dÉil | get the cd

Phósfainn thú gan bó, gan punt,
gan áireamh spré
A chuid den tsaoil le toil do mhuintire,
Dá mb'áil leat é
Sé mo ghalar dúch gan mé gus tú,
A ghrá mo chléibhe, i gCaiseal Mumhan
'S gan de leaba fúinn ach an clár bog déal

Siúil a chogar, is tar i'm fhocair,
go dtéam ón ghleann
Agus gheobhaidh tú foscadh ar leaba fhlocais,
Agus aer cois abhainn
Beidh na srutha ag déanamh torain
Faoi géaga crann, beidh an lonn dubh
N-ár bhfocair is an céirseach ann

Searc mo chléibhe, do thugas féinn duit,
agus grá trí rún
Is dá dtigadh sé de chorr sa tsaol,
Go mbéinn féinn gus tú
Ceangail cléire bheith eadrainn araon
Leis a bhfáinne dlúth, 's dá bhfeicfinn féin
Mo ghrá ag aon fhear gheobhainn bás the cumha

 


 

An CaiptÍn Ó MÁille

An chéad lá de mhí an fhómhar
Sea chroch muid na seolta
‘ S ag tarraingt ar na cósatí
Go tóin an Buinneáin siar
Agus thart anseo le Cliara
Agus acaill d’fhág taobh thiar dhi
‘ S go hinis Oirc ná dtrialladh
Beidh Éire cruinn a’n ann

Agus thart le Roth na Maoile
Agus síos go Cruach na Caoile
An Cloigeann lena thaobh sin
‘ S Trá Bhríde ‘na ndiadh
Nó gur dhoirt muid le fána
Thríl farraige is í ‘cáthadh
Go ndeacha muid don Rátha
Mar is ann a bhí ár dtriall

Is ag síneadh dhúinn le hÁrainn
Mhéadaigh ar na ngála
Bhí cúrsa istigh ar thráth again
‘ S ní mba tráth faille é
Ach gus árdaigh sé chun feochaint
Is an sin chun gaoithe moiré
Gur chroch muid na seolta
’ S níor mhór dúinn é in am

An fharraige gur ghéim sí
Agus las na tonta tréana
Ó chruinnigh na spéartha
Agus mhéadaigh ar an gceo
‘ S dá mbéadh caint ag an clára
Go n-inseoidís scéal cráite
An ghoireacht is chuaigh an bás dúinn
‘ S gan eadrain ach iad

Bhí criú na loinge ar aon chor
‘ S iad ag dearcadh ar chiar m’éadain
Ag súil le cabhar a dhéanamh
Agus gan aon maith dhóibh ann
Ach gur dúirt mé leo ar aon chor
Go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn
Ag iompar a gcuid éadaigh
An fhaid ab fhéidir léithe snámh

Agus tá mo láimhe strócaithe
Go síoraí ag tarraingt rópaí
Tá an craicean is an fheoil
Is é tarrangtha amach ón gcnáimh
Ach más é an bás a gheal mac Dé dhúinn
Cén maith é bheith dhá shéanadh
Ach ag gabhail go flaitheas Dé dhúinn
In aon stad amháin.

 


 

An Druimfhionn Donn DÍlis

A Droimfhoin donn dílis,
Is fíor scoth na mbó
Cá ngabhann tú san oíche,
‘ S cá tú sa ló
Ó bím-se ar na coilltibh,
S mo bhuachaill im chomhair
Agus d’fhág sé siúd mise
Ag sile na ndeoir

Níl fearann níl tíos agam
Níl Fíonta ná ceol
Níl flaithibh am choimhdeacht
Níl saoithe ná slógh
Ach a síor-ól an uisce
Go minic sa ló
Agus beathuisge ‘s fíon
Ag mo mo naimhdibh ar bórd

Dá bhfaighinn-s ceaad aighnis
Nó radharc ar a’ gcoróinn
Sasanaigh do ledhbfinn
Mar do leidhbfinn seana-bhróg
Trí bogaithe, trí coillte
I trí dhraighneach lá ceó
Agus siúd mar do sheólfainn
Mo dhroimeann donn óg

 


 

An Mhaighdean Mhara

Is cosúil gur mheath tú ná gur thréig tú an greann
Tá an sneachta go frasach fá bhéal an fháin
Do chúil buí daite is do bhéilín sámh
Siúd cugaibh Mary Chiní is í i’ ndiadh an Éirne a shn ámh

Mháithrín mhilis dúirt Máire Bhán
Fá bhruach a’chladaigh ‘s fá bhéal na trá
Maighdean mhara mo mháithrín ard
Siúd chugaibh Mary Chiní is í i’ ndiadh an Éirne a shn ámh

Tá mise tuirseach agus beidh go lá
Mo Mháire bhruinneall ‘s mo Phádraig bán
Ar bharr na dtonnaí is fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chiní is í i’ ndiadh an Éirne a shnámh

 


 

An raibh tÚ ar an gCarraig

An raibh tú ar an gcarraig nó an bhfaca tú féin mo ghrá
Nó an bhfaca tú gile nó finne agus scéimh na mná
Nó an bhfaca tú an t-úll ba cumhra is ba mhilse bláth
Nó an bhfaca tú mo vailintín nó an bhfuil sí ag claoi mar t áim

Bhíos-sa an gcarraig is chonaic mé féin do ghrá
Chonaic mé gile agus finne agus scéimh na mná
Chonaic mé an t-úll ba cumhra is ba mhilse bláth
Chonaic mé do vailintín agus níl sí ag claoi mar t áir

Nuair a bhíomse im choladh bíonn osna gan bhrí im chliabh
Is mé im luí idir chnocaibh go dtige an ghrian aniar;
A ruin ghil ‘s a chogair níl furtacht mo chúise ach Dia
‘ s go ndearnadh loch fola de sholas mo shúl id dhiadh

 


 

An Rogaire Dubh | get the cd

Tá mo stoca ‘s mo bhróg ag an rógaire dubh
mo stoca ‘s mo bhróg ag an rógaire dubh
Tá mo stoca ‘s mo bhróg ag an rógaire dubh
Is naipicín póca le bliain is lá inniu

Tá nead in san sliabh ag an rógaire dubh
Tá nead in san sliabh ag an rógaire dubh
Tá nead in san sliabh ag an rógaire dubh
Is ní ghabhaidh sé ‘n bóthar cóngar an cnic

‘S dá bhfeiceis an mbád ar taobh eile den tráth
Dá bhfeiceis an mbád ar taobh eile den tráth
Dá bhfeiceis an mbád ar taobh eile den tráth
Is dhá rámh in airde ag an rógaire dubh

 


 

An Sagairt Ó Dhomhnaill

Bhí mise i dtigh an mhinistéara aréir
Bhí bia agus ól ag an duine sin
Bhí triúr cailíní óga ann
Is nach trua gan mé pósta le duine acu.

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do dheartháirín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Chonaic mé iníonn an mhinistéara aréir
Bhí hata gus clóca dubh uirthi
Armcót go dtína dhá glúinne
Is nár gheall leis an bpúca chugat í

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do dheartháirín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Ó b'fhear liomsa amuigh ar an tsráid
Mo mhaide i mo láimh agus pluid orm
Ná thuas ar fhuinneogaí arda
Ag éisteacht le dántaireacht mhinistéar

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do mháthairín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Agus shiúil mé abhus agus thall
I móta ghráinneoige sea rugadh mé
Is ní fhaca mé aon iontas go fóill
Ach an sagairt Ó Domhnaill ina mhinistéara

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do máthairín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú

Ó is mo dhiombu go brách ar na mbrá
Mar is iad a bhainn dhíomsa mo shaigairtín
Léigh se an t-aifreann Dé Domhnaigh
Agus bhí sé Dé Luain ina mhinistéar

Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do phobal go doe
Is beidh banr íon na glóire ag feitheamh leat

 


 

An ScailpÍn Draighneach

Agus maidin chúin dhár éiríos
Is amach faoi bharr na gcoillte
Ansúid is ea buaileadh an saighead liom
Is mo leigheas ní raibh le fail
Nó go dhearc mé an bhruinneal mheidhreatha
Faoi bhruach na sceilp draighne
Agus gheit(e) mo chroí le meidhir aici
Is dheamhan-ar éirigh liom í fháil.

Is nach trua gan mé in mo smóilín
Is nach leanfainn tríd an ród thú
Mar gur tusa bláth na hóige
A thógfadh suas mo chroí
Mar go mbeinn ag seinm cheoil dhuit
Ó mhaidin go thrathnóna
S’ gur le cheiliúr binn do glórtha
Thug, mé mór-gheann do mhnaoi

Is buachaill mé atá aonraigh
Is ní bheidh mé i bhfad má fhéadfaim
Go siúlfaidh mé na réigiún
Is as sin don tír anon
Ó Chorcaigh go Beann Éadair
Is o Bhaile Cliath, na dhiadh sin
Is go druithead abhaille ‘n tsléibhe
Nó go Béal an Átha siar

Agus rachfaidh mé má fhéadfaim
Go meirceá i dtús an tséasúr
Ins an áit-nach mbeidh mo gaolta
Ar aon taobh ná ag tíocht romham
Is ní fhillfidh mé ar m’ais go hÉireann
Nó go labharfaidh an chuach, sa nGeimhreadh
Go mbeidh caisleán ag, mo mhuintir
Is é bheith deanta ar bhruach an chuan.

 


 

An SpailpÍn FÁnach

Is a spailpín aerach tréitheach mise
Is bígí ag soláthair mná dhom
Mar chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach
In éadan taltaí bána
Mar chraithfinnan síol faoi dhó san Earrach
In éadan taltaí bána
Mo láimh ar a’ gcéacht i ndiadh na gcapall
Is go réabfainnse conic le fána

Ó’s mo chúig chéad slán leat a dhúithe m’athar
Is go deo deo don oileán grámhar
Don scata fear óg atá ‘mo dhiadh ag baile
Nár chlois orm in am an gháthair
Tá Bleá Cliath dóite is tóigfear Gaillimh
Beidh lasadh a’inne ar thinnte cnámha
Beidh fíon agus beoir ar bord ag m’athair
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach

Is an chéad lá in Éirinn dár liostáil mise
Bhií mé súgach sásta
‘ San darna lá dár liostáil mise
Ó bhí mé buartha cráite
Ach an triú lá dár liostáil mise
Thiúrfainn chúig céad púnt ar a fhágáil
Ach ‘á dtugainn sinn is an oiread eile
Ní raibh mo ‘phass’ le fail a’m

Agus bhí mise lá breá ar mhargadh Chill Channigh
Agus tháinig sé go trom ag básiteach
Is tharraing mé isteach is chuir mé cúl le balla
Agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta
Mar ghlaoidh isteach orm bean ‘a leanna
Ag súil is go nólfainn ma phaighe
Is dheamhan deor dár glaoiadh as sin go maidin
Nach raibh síos in aghaidh an Spailpín Fánach

Agus bhí mise lá breá thíos I nGaillimh
Is bhí an abhainn ag góil le fána
Bhí an breac is an eascain is an beartín slat ann
Is chuile ní dhá bhréachtha
Is bhí mná óga ann go múinte tóigthe
Said a bhí tanaí tláith deas
Ach dheamhan bean óg dhá suidhfinn-se leí
Nach gcuirfinn an dubh ar an mbán di

Agus b’fhuide liomsa lá bhéinn i dteach gan charaid
Ná bliain mhór fhada is ráithe
Mar is buachaillín aerach súgach meanmnach
A bhréagfadh an bhruinneall mhánla
Dhá bhean déag a bhí ag éad is ag iomadh liom
Ag súil le tairbhe mo láí
Is gurb é paidir na caillí nuair a théinse that an táirseach
Ná, “Behave yourself a Spailpín Fánach.”

 


 

Bean Dubh an Ghleanna

Tá bó ‘gam ar an sliabh, agus táím le seal ‘na dhiadh
O chailleas-sa mo chiall le nóchar
Dá seoladh soir is siar, ins gach áit a ngabhann an ghriann
Ó mhaidin go mbuíonn tráthnóna
Nuair a fhéachaim féin anon, ins an áit ’na mbíodh mo rún
Sillean óm shúile sruth deora
Ó’s a rí ghil na gcumhacht, go bhfóirir ar mo chúís
Mar sí’n bhean dubh ón ngleann do bhreoidh mé.

Bean dubh an ghleanna, an bheann dubh do b’fhearra
Bean dubh ba dheise gáíre
A grua mar an eala is a píob mar an sneachta
Is a com seang singil álainn
Níl ógánach cailce ó bhaile átha cliath go gaillimh
Nó as súid go tuaim uí mheara
Nach bhfuil ag triall is ag tarraingt, ar eachaibh donna deasa
Ag tnúth leis an mbean dubh álainn

An té a chífeadh mo theach, is gan de dhíonn air ach seasc
‘S é suite ar leath-taoibh a’ bhóthair
Mar a ghabhann ann a’ bheach, go ndeineann ann a nead
Le grian is le teas an tsamhraidh
Nuair a chríonann suas an tslat, ní fhannan uirthi meas
Ach ag tnúth leis an mbrainse is óige
Ach mo chailín plúrach deas, a déalaigh uaim le spreas
Mo chúig céad slán go deo leat.

 


 

BÍmÍs ag Ól

Trathnóinín fómhar ar leataoibh an ród
Sea dhearcas an óg-bhean mhomharach deas
Is blasta ‘s is comhar do labhair a bheol
Ó téanaim ag ól agus díoladsa as

cúrfá
Agus bímis ag ól ag ól is ag ól
bímis ag ól is ag pógadh na mban
bímis ag ól is ag rince le ceol
is nach aoibhin an gnó bheith á bpógadh gan tart

Bhí tabhairne san áit is níor bhaoil dúin dul sall
I gcomhluadair glánta diúgadh gan stad
Punch dúinn ar bórd is ea dordaigh mo stór
Is bhímís go glórmhar go ghloaigh an coilleach

Bhí an spéirbhean le’m ais aidhg glisneathach geal
A bheolla caor dearg braon branda ‘na glaic
Do bhlaiseas a beol is ba fonamhar a póg
Tóg bog é a Dhónal nó díolfaidh tú as

Bhuaill fear liom inné is é ag ól cupán té
Ó bhí sé lag tréith is é breoite go maith
Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Cúl Aodha
Ba ghairid é ag léimt is é ag tóiríocht na mban

Is sin sínte go soghach tairéis iomad den ól
Ach ar buile a dó ar an ndoras do bhuail cnag
An sairsint ar thóir barantas ‘na ghlaic
Ach déalaigh gach geoghach thar clathac amach

 


 

An ChailÍn Álainn

Tá cailín álainn, a dtug mé grá dhi
Sí 's deis' is áille, ná bláth 's ná rós
Gan í ar láimh liom, is cloíte atá mé
Ó a chailín álainn, 's tú fáth mo bhróin

Curfá:
A chailín álainn, a dtug mé grá duit
Ó bí ar láimh liom, mo mhíle stór
Ó abair liomsa, gur tú mo ghrá gheal
Beidh orm áthas, in áit an bhróin

Nuair a éirím, amach go huaigneach
Siúd é an uair, is mó mo bhrón
O bím ag smaointeamh, ar an chailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach 's mo bhrón

Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn
Aríst go brách ní, bheadh orm brón
Sheinnfinn ceol duit, mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn smóilín, 's an drúcht gheal cheo

 


 

Cailleach an Airgid

Sí do mhaimeo í, sí do mhaimeo í,
Sí do mhaimeo í, sí cailleach an airgid
Sí do mhaimeo í, ó bhaile Iorais Mhóir í
S’ Chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre cois fharraige

Da bhfeicfeása ‘n steam ga’l siar Tóin Uí Loing
‘ S na rothaí goil timpeall siar ó na ceathrúnaí
Chaithfeadh sí’n stiúir naoi n-uair ar a cúl
‘ S ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid

Measann tú bpósfa, measann tú bpósfa,
Measann tú bpósfa, cailleach an airgid.
Tá ‘s am nach bpósfa, tá ‘s a’m nach bpósfa
Mar tá sé ró-óg agus d’ólfadh sé ‘n tairgead

‘S gairead go bpósfa, ‘s gairead go bpósfa
‘ S gairead go bpósfa, beirt ar an mbaille seo
‘ S gairead go bpósfa, ‘s gairead go bpósfa
Seán Shéamus mhóir agus Máire Ní Chathasaigh

 


 

Caoineadh na dTrÍ Mhuire

A Pheadair a aspail an bhfaca tu mo ghrá bhan
Ochón is ochón ó
Chonaic me ar bar é is é dhá chéasadh in airde
ochón is ochón ó

Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise
An é nach n-aithníonn tu do mhac a mháithrín

An é sin an maicín a diompair me trí ráithe
No an é sin an maicín a rugadh in san stábla

An é sin an maicin a hoileadh in ucht mhaire
A mhicín mhuirneach tá do bhéal is do chróinín geartha

Agus crocadh suas í ar ghuaillní arda
Agus cathadh anuas í ar leacrachai na sráide

O buailigi mé féin ach na bainí le mo mhaithrin
O maróidh muid thu féin agus buailfidh muid do mháithrín

Agus cuireadh táirni maola thrína chosa 's thrína lámha
Agus cuireadh an tsleá thrina bhrollach álainn

Gabhaigí a dhá mhuire go gcaoinfidh muid mo ghrá geal
Céard tá le caoineadh a'inn, muna gcaoinfidh muid a chnámha

Ó éist a mháithair agus ná bí cráite
Ta mná mo chaointe le breith fós a mháithrín

Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise
Beidh na ceadta inniu i ngairdin ph árrthais

 


 

Casadh an tSÚgÁn

Má bhíonn tú liom bí liom os comhair lán a’ tí
Má bhíonn tú liom bí liom de ló geal is d’oích
Má bhíonn tú liom is gur liom gach orlach do chroí
‘ Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi

Is thíos I Sligeach chuir mé eolais ar na mná
Thiar I ngaillimh d’ól mé leo mo sháith
Dar bhrí mo mhaide mara ligfidh said liom feasta seachas mar atá
Ó déanfaidh mise cleas a bhaineas siúl as na mná

Agus d’imir mise cleas I dteach Uí Dhónaill aréir
‘ S an dara cleas I dteach a bhí go dlúth lena thaobh
An triú cleas cén mhaith bheith caint gan chríoch a chur le mo scéal
Chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín f éir

Agus tháinig mise isteach I dteach dhá uairín roimh lá
Bhí bean ar meisce ann is cúl a cinn fuithí ar lá
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal go huasal ná go hard
Ach chuir mé cois lena cois nó go casamar an súisín geal bán

Is dá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar phógfaí a béal
Is mara mbeadh nach fada ó bhaile a seolfaí é
Tá iníon na caillí gliobaí, cataí pósta ó aréir
Is má tá ghrá sa mbaile ‘s gan duine aici a phógfadh a béal

Is cén cat mara chas ‘na háite seo mé
Nach iomaí cailín ins an áit a d’fhág mé ‘mo dhiadh
Mar gheall ar throid ‘s ar bhruíon ‘s ar rud eicínt narbh fhíor
Muise óinseach caillí is iníon aici a bhí gan chiall

‘Gur chuirfinn, threabhfainn agus chraithin an síol go domhain sa gcré
Sheolfainn ba sna páirceanna is airde a bhfásann fear
Chuirfinn crú ar an each ba dheise ba lúfar a shiúil ariamh fear
Ach d’éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin fhéin.

Má bhíonn tú liom bí liom os comhair lán a’ tí
Má bhíonn tú liom bí liom de ló geal is d’oích
Má bhíonn tú liom is gur liom gach orlach do chroí
‘ Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi

 


 

Cath chÉim an fhia | get the cd

Cois abhann Ghleanna an Chéama, I nUibh Laoighre sea bhím-se,
Mar a dtéann an fia san oíche chun siar choladh soghail
Ag macnamh seal liom féinig ag déanamh mo smointe
Ag éisteacht i gcoiltibh le binn-ghuth na neón
Nuair a chuala an cath ag teacht aniar
Is glór na n-each ag teacht le sians
Le fuaim an airm gur chrith an sliabh,
Is níor bhinn liom  a nglór
Do thánadar go nádamhar, mar thiocfadh garda de chonaibh nimhe
Is chumha-sa  na  sár-fhir d’fhágadar gan treoir.

Níor fhan fear, bean, na páiste i mbun áitribh na tighe ann
Ach na gártha goil do bhí aca is na na mílte ologón
Ag féachaint ar an ngárda ag teacht go láidir ‘nar dtimpeall
Ag lámhach is ag líonadh is ag scoileadh nar dtreo
An liú gur leath i bhfad i gcian
‘Sé dúirt gach flaith nar mhaith leis triall
Gluaisidh go mear tá an chath dar riar
Agus téimis ‘na gcomhair
Thánadar na sár-fhir, guidhim áthas ar Chlannaibh Gael
Is chomáineadar na páinigh le fánaidh ar seol

Ba ghairid dúinn go dtainigh an lamh láidir ‘nar dtimpeall
Do scaipeadar ar ndaoine ins gach maoilinn faoi’n gceo
Bhí an Barrach mar bhun-baille acu, Barnett agus Beecher
Hedges agus Faoite, is na mílte eile leo
A rí na bhfeart go lagaidh iad
Gan chlú, gan mheas gan rath gan sian
Go dtinnte meara I measc na bpian
Gan faoiseamh go deo
Ach céad moladh mor le hÍosa, nar dhíolamar as an dtóir
Ach a bheith ag déanamh grin de is dá innsint ar sogh.

 


 

Contae Mhuigheo | get the cd

Ar an loing seo, a Pheaid Uí Loinsigh sea a bhímse ag déanamh bróin
Ag osnaíl ins an oíche 'gus ag síor ghol sa ló,
Ach anois ó dalladh m'intinn, is mé i bhfad ó mo mhuintir,
D'ar m' fhocal is maith a chaoininse Contae Mhuigheo.

Liostáil mé le sergeant ag dul sráid an bhaile mhóir,
Mar a cheap mé go mba breá an rud dhom é nuair a bhí mé bocht óg;
Ó thug sé gloine 'is cárta dhom agus claimthe le mé ghardáil
Is dúirt sé go mb'fhearr dom é ná in Éirinn go fóill.

Is go dtaga Cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór,
Go dtaga an toimín luachrainn go buachailleacht na mbó;
Go n-osclófar na comharthaí atá ar mhullach Bheanna Beola
Ach ní scarfaidh mo chumha go deo leat a Chontae Mhuigheo.

Anois a chomrádaí na dílse, táim cloíte go mór,
Is dá bhféadfainn is dhuit a d'inseoinn dhá thrian de mo bhrón;
Ach ós tusa is túisce a chífeas, a maireann go mo mhuintir,
Ó, tabhair mo bheannacht siar leat go Contae Mhuigheo.

Agus murach bás mo mháithrín ó bheinnse maith go leor
Bheadh buidéal ins gach láimh liom is mé i gcomhluadar bean óg.
Ach ag síor-ól na gcártaí, agus an dlí a bheith ró-láidir
Ní i Santa Cruz a d'fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.

 


 

Donnacha BÁn

Is ar an mbaile seo is ea chonaic sibh an t-ionadh
Ar Donnacha Bán bocht is é dá dhaoradh
Bhí caipín bán air in áit a hata
Agus róipín cnáibe in áit a charabhata

Agus tá mé a’ teacht ar feadh na hoíche
Mar a bheadh uainín i measc seilbh mhór chaorach
Mo bhrollach foscailte is mo cheann liom scaoilte
Is cá bhfaighinn mo dheartháirín romhan ach sínte

O chaoin mé an chéad dreas ag gob an locha
An dara dreas ag bun na croiche
An tríú dreas os cionn do choirpse
I measc na nGall is mo cheann dá scoilteadh

Is a Dhonnocha Bháin bhocht a dheartháirín dílis
Is maith atá a fhios agamsa céard a bhain díom thú
Ag ól an chupáin ‘s ag deargadh an phíopa
Is ag siúl na drúchta le coim na hoíche

Is tá spré Dhonnacha Bána g teacht abhaile
Ní bó ná caoirigh é ná capaill
Ach tobac is píopa agus coinnle geala
Is ní dá mhaíomh é ar lucht a gcaite

Is a mhic Uí Mhutháin, ná raibh do chlann le chéile
Ná do chlann iníon ag iarraidh spré ort
Tá dhá cheann an bhóird folamh is an t-úrlár
Agus Donnacha Bán mo driotháirín sínte

 


 

EileanÓir a rÚn

Mo ghrá dhun chéad fhéacaint thú,
Eileanóir a rún.
Is ortsa a bhímse ag smíonú,
an trá bhíonn i mo shuain.
A ghrá don tsaoil, is mo chéad searc
is tú is deise ná ban éireann.
A bhruinillín deas óg, is tú is deise milse póg,
Cionn is mhairfid beo beg geann am ort.
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
Eileanóir a rún.

Bhí bua aici go mealfaidh sí
na h-éanlaithe ón gcrann.
Bhí bua eile aici go dtógfadh sí
an suan-choirp ón mbás.
Bhí bua eile aici nach ndeirfeadh,
sí grá mo chroí is mo chéad searc.
A bhruinillín deas óg, is tú is deise milse póg,
Cionn is mhairfid beo beg geann am ort.
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
Eileanóir a rún.

An dtiocfaidh tú nó a bhfanfaidh tú
Eileanóir a rún
Nó in aineoin an té nach gcáinfeadh tú,
a chuid den tsaoil is a stór.
Ó tiocfaidh mé, is ní fhainfidh mé
Is maith d’aithneoin an té nach gcáinfeadh mé.
A bhruinillín deas óg, is tú is deise milse póg,
Cionn is mhairfid beo beg geann am ort.
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
Eileanóir a rún.

 


 

Johnny Seoighe | get the cd

Is a Johnny Seoighe tuige mo ghlórtha
'S mé ag tíocht le dóchas faoi do dhéin
Mar is tú an réalt eolais is breátha lóchrann
Os mo chomhair ag teampall dé
S' tú bláth na hóige is deise glórtha
Dár leag mo shúil ar ó rugadh mé
Gus as ucht Chríost tabhair dom relief
Nó go gcaitear oíche Nollag féin

 

Is an lá arna mhárach sea fuair mé an páipéar
'S nach mé a bhí sásta 's mé gabháil un siúil
Ach ní bhfuair mé freagra ar bith an lá sin
Ach mé féin is mo pháistí bheith amuigh faoin drúcht
Tá mé bruite dóite sciúrtha feannta
Liobraithe gearrtha le neart an tsiúil
Gus a mhister Joyce tá an workhouse lán
is ní ghlacfar ann isteach níos mó

 

'S nach mór an ghlór do bhaile Charna
An fhad 's tá an lánúin seo 'dhul thríd
Mar is deise  gus is breátha scéimh na mná
Ná an Morning Start nuair a shoilsíonn sí
Tá an bhanríonn tinn is í go lag 'na luí
Deir dochtúirí go bhfaighfidh sí bás
Sé fios an údar de réir mar a deir siad liomsa
Nuair nach bhfuil sí pósta le mister Joyce

 


 

MÁIRE NÍ LAOGHAIRE

Ós a Mháire Ní Laoghaire ó Bhéal a Chéama, mar a mbíonn an eilit mhaol á muscailt,
An amhla` eagais ná háirim aonphioc de ghuth do bhéil sa dúthaigh.
Nó an bhfeacáis éinne ag gabháil moch nó déanach sa ghleann sa taobh le Diúchoill,
Do `neósfadh scéal duit ar chursaí an tsaoghail seo go bhfuil Clanna Gael i gc úngracht.

Do chuala sceilín anois le deanaí ó fhideóg sle` bhí i ndiuchoill,
Go suífeadh téarma gan mhóill in Éirinn do chuirfeadh béir ar gcúlaibh.
Go mbeadh Repealers is a bhforsai tréanna agus cúnamh Dé a stiúradh,
Agus buíon an bhéarla gan fíon gan féasta agus caitheamh pil éar da rúsca.

Go n-éirí an saoghal leis an bhfideóig sle` `muigh do thug an scéal san chughat-sa;
Le gra`s le méin duit thar mhnaibh na hÉireann a bhláth`s a chraobh na n-údar,
Ó bhís cómh héasca `gus lamhach le béiraibh is a bhfagaint tréith le púdar,
Gan cáirde taobh leó le grásta an Aonmhic do ghearr an t éarma ar dtúis doibh.

Beidh stealladh piléar agus picí géara dá gcur `na méadail bhrúidigh,
Beidh cloc is craobh orthu ó laimh gach éinne agus mallacht Dé ar a gcumplacht.
Go mbeidh siad faon-lag faoí spalladh gréine gan neach sa tsaol `na gcúram,
A gcoin `s a mbeagles `s a gcapaill traochta gan duil i ngéim na i li ú acu.

A mhic a` dea-athar, do chuala trácht ort, gur mhaith do cháil id dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoí bhláth ort a chuirfidh caráiste is fonn ort;
Da gcastai lá orm tú i dtig `n taibhrne do thabharfainn cárt faoí chúr duit,
Is crothadh láimhe ag ól do shláinte agus puins ar chl ár go flúirseach.

Ó go deimhin a stóraighe, más fíor do ghlórtha gur dheinis óg arís mé,
Chun tally-hó bheith ar mhnáibh na rógairi d`itheann feoil Dé hAoine.
Is é deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na gcléire córach, is gabháil an b óthar díreach.

 


 

Na cleaganna
MícheÁl Ó Tuama

An bhfacair-se Seán ó bharr a’chnoic
‘ S é ‘r leic a’tinteáin ‘s é ‘rince jig
Do dheineadh sé gleo le cleaganna nó (nua)
A tháinig an treo seo ó Cheann Toirc
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Do bhíodar ‘na mbróga gleoite deas’
Go cluthar compórdach, thar meoin le teas
Níor bhfearra dhuit clúmh mar cneastacht faoi d’bhún (bhonn)
Ná péire breá cúmtha ‘cú siúd a bheidh ort,
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Bhí leigheas na mílte aicíd iontu
Do scaipfeadh gan mhoill liathbhuí nó triuch
Do chuirfeadh chun fáin crampí ‘gus fuachtáin
Is mórán eile gearáin ná h-áirím díbh
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Ní cuileann ná draighean a bhí na’mbann
Ach píosa breá deil a bhí éatrom úr
Bhí teanga bhreá shleamhain do craiceann óg gamhain
Nár gearradh ró ghann, sé mo lom nach liom iad
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

Bhí péire ‘cú siúd ag Fionn fadó
‘ S mó cnoc is sliabh cúm do shiúlaig leo
Is mó cathair do thóg le buille dá bhróig
Do chuirfeadh chun sceoin na slóite fear
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin ort.

 


 

Na Connerys

A choimín mhallaithe, gúimse deacair ort agus gráin Mhic Dé
‘ S ar an ngasra úd atá ceangailte go dlúth le do thaobh
Mar is iad do dhearbhaigh i láthar Choistealbhaigh ar na triúir fear séímh
‘ S a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí’s na New South Wales

An té a bheadh ina sheasamh ann ‘s a dhéanfadh macnamh ar ár gcúis a plé
Mar do sheasaigh sí óna seacht ar maidin go dtí tar éis a naoi
Chrith an talamh fúinn le linn a labhartha á dtabhairt sa mbréag
Is mo ghraidhin é an t-anam bocht, tá sé damanta más fíor í an chléir

Tá saicéad gairid á dhéanamh ó mhaidin dúinn is triús dá réir
Culaith fharraige, ní nár thathaíomar i dtúis ár saol
Murach feabhas ár gcarad bhí ar muinéil cneagaithe is sinn go domhin san aol
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheamh in sna New South Wales

A bhanríónn bheannaithe ‘s rí na bhfalitheas geal, tabhair fuscailt orain araon
‘ S ar an mbanalatra atá sa bhaile go dúch inár ndiadh
Le linn an aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun Dé
Ar na Connerys a thabhairt soar abhaile chugainn ós na New South Wales.

 


 

Na TÁiliÚirÍ

Trathnóna dé sathairn s’ me istigh i tdig óil
Sa chúinne go seascair is piúnt ós mo chómhair
Do tháinig chugam gasra 's do luíodar ar ól
Ag díol is ag glaoch ar na cártaibh

Snáthaidí, méaracáin, cailc is siosúr
Is iarann smúdálta bhí i bpáirt ag an dtriúr

Táilliúr na geince is táilliúr na gcrúb
Is táilliúr na buile ó Chill Airne

Bhí duine ‘cu ar leath bhuile is duine ‘cu óg
Is duine ba shine na mise go mór
Do luíodar ar aighneas nuair a dhruid fútha an tól
Féachaint cioca dob oilte mar tháilliúr

Do labhair an fear críonna , se an tomhaise chóireodh
Dá bhfeicfeadh sé duine ag siúl roimhis sa ród
Go gcuirfeadh se culaith air ó smigin go bróg
Gan farcadh na feithleog ar fháithim

Ni gearánta dhuit a dhuine do labhair an fear óg
Ach ar táilliúirí oilte nil meas ar do shórt
Mura bhfeicffhinn ag an gcúinne don duine ach a chló
Chuirfhinn culaith air don bhfaisean is déanaí

Do labhar an fear buile is fuinneamh ‘na ghlór
“Éistigh” ar seisean “na labhraig níos mó”
Mura bhfeicfinn ach an cúinne ‘n ar gaibh an fear óg
Chuirfhinn culaith air a sheasódh go bás é

Sara rith liomsa an gloine a bhi agamsa a ól
Do bhuail an fear buile le planc an fear óg
Gloiní dul na mplantracha ag titim den mbórd
Is tiománeadh ar buile an fear tábhairne

D'éiríos um sheasamh chun réitigh dár ndóigh
Ach dá mhéid mo chuid saothar bhíos lán de fuil srón
Ciceanna teanna bhí éiri dom thóin
Is bhí mo loirgne straiceatha is geartha

 


 

OrÓ, sÉ do bheatha abhaile

(Chorus)
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.

'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do b' é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
is tú díolta leis na Gallaibh.

Chorus

Tá Gráinne Mhaol ag go duill ar sáile,
ó glaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.

Chorus

A bhuí le Rí na bhFeart go bhfeiceam,
mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.

Chorus

 


 

PeigÍn Leitir mÓr


Ó gairim gairm í
Agus gairm í mo stór
Mile grá lem anam í
Sí peigín leitir móir

Tá Bríd agam tá cáit agam
Sí eig an bhean is fear
Pé’r bith fear a gheobhfas í
Nach air a bheis an t-adh

Chuir mé scéala siar aici
Go gceannóin dí bád mór
Sé’n scéal a chuir sí ‘niar agam
Go ndéanfadh leath-bhád seoil

Tá iascairí na gaillimhe
Ag teacht anoir le coir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicfidís an tseoid

Éirig suas a Pheigín
Gus seas ar bharr an áird
Comharaigh do chuid bhulláin
Agus féach a bhfuil said ann.

 


 

Raithineach a bhean bheag

Do chuireas mo gearchaile go barra na hAoine
Ag iarraidh stampai nó cácai miles
Nuair a thánaig si abhaille ni bhlaisfeadh fear an ti é
Raithineach a bhean bheag deanfaimid airis é

Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach abhean bheag is déanfaimid an ciste
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach a bhean bheag is déanfaimid airis é

Ta tigh mór fairsing I mbarra na hAoine
Bionn bean acu a ghlanadh is bean eile acu a scriobadh
Bean eile acú a fháscadh os cionn corcáin ar a dhicheal
Is seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar a ngriosadh

Is anal ó shasana tháinig an stampai
Agus thios I gCorcaigh a cuireamar an slacht air
Bhi siúcra a inneadh annis bolamachai braindi
‘ s an te a bheadh a ithe sin bam hire na ‘n stail é

Ar mo ghabháil ó thuaidh dom tri bharra na háoine
Cé chasfai orm ach an triúr bhean crionna
Bh duine ‘cú a inneadh agus duine ‘cu a scriobadh
Agus duine ‘cú a scagadh tr thoin a seana bhriste

Sé an tAthair Donnachadh an doctúir diachta
An sagart is fearr da’r rainigh sa tir seo
Do chuir sé mallacht ar lucht stampai ‘scriobadh
Le h-eagla fiacla na sean mná crionna

Do chuireass-sa mo chailin-se isteach sa slearsa
Ag iaraidh grataera chun stampai scriobadh
Agus bhi glas ar an ndoras is an eochair aice Sile
Seachainig a’ stampai le h-eagla na Sile

Nuair a ghluaiseann Máire Siún agus Sile
Nóra agus cáit is sásta a bhid said
An juga ar an gclár is a chairt dá lionadh
Is mo cheol go brách sibh mhná cois aoine

 


 

Rosc catha na mumhan

Daithníos fein gan bhréag ar fhuacht
‘ S na anfaithe theatar taobh le cuan
Ar canadh na néan go séarseach suairc
Is go ghearfadh mo sheasar glé gan ghruaim

Measaim go rubhach do Mhumhain an fhuaim
‘ S dá maireann go dubhach de chrú na mbuadh
Torann na dtonn le sleasaibh na loing
Ag tarraingt go teann ‘nár gceann ar gcuaird.

Tá lasadh san ngréin gach lae go neóin
Ní taise don rae, ní theidhin f e neól
Ta barra na gcraobh ag déanamh sceóil
Nach fada bheidh gaedhil i ngéibheann bróin

Tá aoibhill ar mise gus áine óg,
Agus clíonadh an bhruinneall is áille snódh
Táid mílte gus tuilleadh den táin seo fós
Dá suidheamh le buile gus tháinig an leoghan

Is annamh dom maidin ar amharc an laoi
Ná bainim chum reatha go farraige síos
Mo dhearca ar leathadh ag faire do shíor
Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slí

Cruinnigheadh gach duine d’fhuill Mhileadh tréin
Go ruitheann ‘na chuisle den bhfíor fuil braon
Do mhilleadh le dlighthe do crádhach le claon
Go mbuailfidh se buille le báire an tséin.

 


 

saileog rua | get the cd

Nach mise an trua mhuire, ghoil go carraigin an fhásaigh
Ag gol is ag gárthail, agus ag déanamh brón
Ag oiliúnt mo leinbh ar bhacán mo láimhe
Is gan fiú an braoin bainne agam a tharfainn dhó

Níl mé ach tréith lag, is níl gar dhá shéanadh
‘S níl mé ar aon chor ach mar an cheo
Ta fuil mo chroí 'stigh dhá dóirtear na braointibh
Is a dhia cén t-ionadh í, i ndiadh mo shaileog rua

In aois a sé déag, sea fuair mé fhéin í
Is ó nar dheas an féirín í ag fear le fáil
Ach a stór mo cléibhe is tú a dfhág liom fein mé
Mar chuaidh tú i gcré uaim, is tú in do chailín óg

Bfhearr liom go mór mór in mo dhiadh sa ród thú
Ag bleán mo bhó dhom, nó a bheith i mbun mo thigh
Na saibhreas sheoirse is é fháil le stróinse
Is gur faoi na fódaibh a chuir mé stór mo chroí

Mo ghrá do bhéilín, nar chum riamh bhréaga
Is bhí do bhrollach álainn mar an eala ag snámh
Bhí do dhá chí gléigeal le do leanbh a bhréagadh
Is a stór dá bhféadfainn ní bhfaighfeá bás

 


 

Sliabh na mBan

Ni airim bhearsa o lon na o cheirseach
Ni fhasann fear ins na gaortha ceart
Nil suim ag an speir bhean i sport na i bpleisiur
Ach i ag gol is ag beiceadh is ag reibeadh bas
A ra liom faoiseamh ni bhfaighead na seimh-fhir
Aon oiche in Eirinn na uain chun reast
Ag a truip seo mheirligh ata ag teacht lena cheile
O buaileadh go daor sin ar sliabh na mban

Is oth liom feinig bualadh an lae ud
Do dhul ar Ghaeil bhochta 's na ceadta slad
Mar ta na meirligh a deanamh game dinn
Is a ra nach aon ni leo pic na slea
Nior thainig ar Major i dtuis an lae chugainn
Is ni rabhamar fein ann i gcoir na i gceart
Ach mar a seolfai treada de bhuaibh gan aoire
Ar thaobh na greine de sliabh na mBan

Se ros de bhreoigh is do chlaoi go deo sinn
Mar a fagadh mor chuid dinn sinte lag
Na leannai oga na smolaibh ann doite
Is an meid a dfhann beo diobh cois clai no scairt
Ach geallaim fos doibh a dhein an foghladh
Go mbeam i gcoir doibh le pic is le slea
Is go gcuirfeam yoemen ag crith na mbrogaibh
Ag diol an chomhair leo ar sliabh na mban

Ta na francach faobhrach len a loingeas gleasta
Faoi crannaibh geara ar muir le seal
Se an sior sceal go bhfuil a dtriall ar Eirieann
Is go gcuirfid Gaeil bhochta 'ris na gceart
Da mba doigh liom feineach go mba fhior an sceal ud
Bheadh mo chroi comh h-eadtrom le lon ar sceach
Go mbeadh claoi ar mheirligh is na h-adharca da seideadh
Ar thaobh na greine de shliabh na mban

 


 

TÁimse i m’ choladh

Trathnóinín déanach i gcéin cois leasa dhom
Táimse i m’ choladh is na dúistear me.
Sea dhearcas le m’ thaobh an speirbhean mhaisiuil.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Ba bhachallach pearlach dreimreach barrachas
A carnfholt craobhach ag tearnamh lei go bhaillechrith
Is i ag caitheamh na saighead trim thaobh do chealg me.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.

Is mó bhuachaillin óg a tógadh go ceannasach,
Táimse i m’ choladh is ná dúistear mé.
Do cuireadh le foirneart anon thar farraige.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Go bhfeicfead an la do mbeadh ar ar sasanaigh
Ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar duinn
Gan mise bheith ann mura dteannam an maide leo.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.

Agus eirig’ a chlann agus gabhaidh bhur n’airm chughaibh
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Agus leagaigidh sa tsruil gach sgruile Sasanaigh
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Mura mairfeadh ach truer biodh truip ins gach baile ‘gaibh
O Charraig na Siuire go Cuis an daingean thiar
Arduigidh bhur lann tugaidh fogha faoi’s na Sasanaigh
Taimse i m ’ choladh is na duistear me.

 


 

Thugamar fÉin an Samhradh linn

Samhradh Samhradh bainne na ngamhna
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí na nóinín glégeal
Thugamar féin an samhradh linn

Babóg na Bealtaine, maighdean an tSamhraidh
Suas gach cnoc is síos gach glean
Cailíní maiseach go gealgáireach gléasta
Thugamar féin an samhradh linn

Thugamar linn é ón gcoill chraobhaigh uainneach
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an samhradh linn

Tá an fhuinseog ag seinm is ag luascadh sna spéartha
Á thas do lá is bláth ar chrann
Tá an chuach is na fhuiseog ag seinm le pleisiúr
Thugamar féin an samhradh linn

 


 

TomÁs BÁn Mac AogÁin

Is aréir ag tíocht ón tóramh dhom sea dhearc mé stór mo chroí
Mo chreach agus mo chrá mór ní sa mbaile a chaith mé an oíche
Tá arraing ag góil trasna thríom is í ‘g cónaí i lár mo chroí
Is a stór mara dtéigh tú abhaile liom, ní mhairfidh m é beo mí

Is tháinig Tomás Bán ar cuairt orm ‘s mé in uaigneas liom fhéin
Séard a dúirt sé ná bíodh buaireadh ort ná rud ar bith mar é
Sí do chuilín catach a mharaigh mé is mar gheall ort crochfar mé
‘ S gur measa liom naoi nuaire thú, ná an mháthairín at á ‘n mo dhiadh

Ó is a Thomáis Bháin bí cinnte ‘s tú searc is rún mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga ‘n tsaoil
Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé
‘ S a dhia nach mór an feall é an planda breá mar é

Is tá cuireadh go Cill Chainnigh orm agus caithfidh mé dhul ann
Beidh ann na seisiúin ceathrún idir Geail agus clanna Gall
Ní dhaorfar ann ach beirt eicint agus crocfar iad mo léan
Mar tá Tomás Bán Mac Aogáin ‘s Mac Uí Mhaoláin lena thaobh

Ó is a Thomás Bháin Mhic Aogáin sé mo léan thú dhul i gcill
Cé hionadh liom do mhaithrín bocht bheth go brónach in do dhiadh
Dhá mbeithfeá ar leaba an bháis aici cér chás di thú bheith tinn
Ach do chrochadh as na saltrachaí, ‘s an bháisteach le do dhroim

 


 

Tuireamh mhic fhinÍn Dhuibh | get the cd

M’osna tri luimneach, Connacht, agus Cléir le cumha,                                            
Go Corcaigh na loingeas, agus thar tonnaibh dhá dtéinn de shúil,
Ár gcróbhaire coimthigh, fear ionaid na laoch fuair clú,
Go tearmann luige agus na cruinne go léir san úir
San úir ó

San úir ó cuireadh binn bhuartha agus scéimh na mumhan
Go dubhach gach duine agus gur imigh ár gcléir bunoscionn,
Ár ngúistis coimthigh, ár mbreitheamh a réidheadh ár gcúis
Ár gcaraid, ár gcuspa, ár gcoiste agus ár laoch fuar clú
Clú ó

Clú agus ceannas bhi agat ón ri nglórmhar,
A bhi ar do ghclacaibh I ngan fhios do rí cóige,
Níl tuath ná cathair fé bhrathaibh ag rí seoirse
Ná gur dubhach an teaspa is a mbailte go síor bhrónach
Brónach ó

Is brónach atuirseach ó chreachain go léim lárach
‘S is buartha banba ó chaiseal go béal béarnais
Tá dúthaigh chairbre ar lasadh gan scéimh áthais
Is mo dhubhach Rath Canna gur cailleadh ár laoch láidir
Láidir ó

Ba laidir coimthigh ár gcuspa is ba leathan lúfar
A mharcaigh na gcumann, go gcritheadh an talamh fútsa
Ni raibh eagla dlithe ná clipeadh ar do bhaile dhúchais
Ach id charaid mar oscar a chuireadh na creacha ar gcúlaibh
Ar gcúl ó

Ar gcúl a dtaxanna deacair is iarsami mumhan
Ba réiteach ceasna do lagaibh aniar a thrunk
Is ba ghreann le caraid a maireadh in iarthar mumhan
Do gháire leathan, a mharcaigh na gcliar mo chumha
Dubh ó

Is dubh dorcha fés scamaillaibh to na spéartha chugainn
‘S nil easpa ná uireasa ar chnocaibh ná ar sléibhte dubha
Ach ar éagan an rí gur mhinic an t-éirleach súl
Is m’osna trí luimneach tusa go doimhin san úir

 


 

Úna BhÁn

Na ceithre Úna, na ceithre Máire, na ceithre Áine, is na ceithre Nóra
Na ceithre mná ba ceithre bhreá sna ceithre ceirte de foghla
Na ceithre táirne a chuaigh sna cúinne sna ceithre mplantrach sna ceithre contra
Ach mo ceithre ghrán ar na ceithre mná nár chuir na ceithre gr á in sna ceithre phóga

A Úna bhán nic Dhiarmaid óig
Fíorscoth búrcach, brúnach agus brianach mór
Bhí do bhéal mar an siúcra, mar an leamhnacht, mar fhíon is mar bheoir
Agus do chos deas lúthmhar, ‘sí a shúilferadh gan fiar I mbr óg

A úna bhán ba rós I ngáirdín thú
’ S ba choinleoir óir ar bhord na bainríona thú
Ba chláirseach cheoil a’ ghabháil na mbóithrí seo thú
Agus sílimse a stór go mba ríbhreá an cailín th ú

A shúil is glaise nach ligeann anuas aon braon
A bhéal is binne ná guth na gcuach ar chraobh
A thaobh is gile na coipe na gcuan seo thíos
‘ S a stór ‘s a chumann, nach minic mo bhuaireamh thríot.

Tá an sneachta ar lár is barr air chomh dearg le fuil
Samhail mo ghrá ní fhaghaim I mbealach ar bith
Féachaigí, a mhná, cé mb’fhear, ochón ansin
Ná an t-aon ghlao amháin ag áth na danóige.

A úna bhán, is tú bhreoigh agus mhearaigh mo chiall
A úna bhán, is tú chuaigh idir mé is dia
A úna bhán, a lúibín cumhra na gciabh
Nárbh fhearr dhomsa a bheith gan súil ná tú a fheice ál riamh

A úna bhán, nach grána an luí é siúd ort
Do cheann le fána in áít na mílte corp
Mara dtuga tú ag fáir orm, a phlandóíg bhí riamh gan locht
Ní thiocfaidh mé ar t’áit go brách ach an o íche anocht.

 


 

Hymns and church songs

 

Ag Críost an síol


Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar;
in iothlainn Dé go dtugtar sinn.

Ag Críost an mhuir, ag Críost an t-iasc;
i líonta Dé go gcastar sinn.

Ó fhás go haois, ó aois go bás,
do dhá láimh, a Chríost, anall tharainn.

Ó bhás go críoch nach críoch ach athfhás,
i bParthas na ngrás go rabhaimid.

 


 

A RÍ an Domhnaigh

A Rí an Domhnaigh tar le cabhair chugaim, is tóg in am ón bpéin mé.
A Rí an Luain ghil, bí-se buan liom, is ná lig uaitse féin mé.
A Rí an na Máirte, a chroí na páirte, dean díonadh Lá an tSléibhe dhom.
A Rí Céadaoine, soar ó géibheann mé, cé fad’ ód chaomhghinn féin mé

A Rí Déardaoine, maith ár bpeacaí-ne, do dhein do dhlí do réabadh
A rí na haoine, ná coinnigh cuimhne, ar mo drochgníomhartha baortha
A rí an tsathairn, go síoraí achainím, mé ‘thabhairt thar Acheron chaorthainn
Fé dhíon do thearmainn, trí ríocht an Aifrinn, suas go Parathas Naofa

A bhanríon oiriric, a bhanríon shoilibhir, a bhanríon sholais na gréine
Ní haon tsaibhreas, atá uaim uaitse, ach leigheas ar dhocar mo phéine
Na sluaite borba, a bhí ag gabháíl ormsa, is rug im’ choladh orm tréimhse,
Cuir cogadh orthu, mar churadh cosanta, is tabhair ón ngaradh lá an tSléibhe mé

A bhanríon álainn, go bhfuil na grásta ort, ó lúim go hard agus glaoim ort
Ó’ s tusa máthair, an Linbh ghrámhair, déag don pháis dár saoradh
Is é seo láithreach. am an gháthair. is mé gan cairde taobh liom
Ó tar im' láthair, cabhraigh lámh liom, is ná lig don bhás mé a thraocadh

 


 

CrÍost liom

Críost liom, Críost romham,
Críost i mo dhiadh, Críost as mo chionnsa,
Críost fúm, Críost ina chónaí i mo chroíse.
Críost ó dheas fúm,
Críost ó thuaidh.
A Thiarna tig slánú,
A Thiarna tig slánú
Go raibh do shlánú a Thiarna
inár measc go saol na saol.

 


 

SÉ an Tiarna m’aoire - Responsorial Psalm (Ps.23)


'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.


Cuireann se i mo luí mé i móinéar fear uaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé
Mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé mé ar rianta díreacha
Mar gheall ar a ainm.

'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.

Fiú dar súilfainn i ngleann an dorchadais
Níor bhaoil liom an tolc
Agus tú faram le do slat is do bhacall
Chun sólás a thabhairt dom.

'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.
'S é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith orm.

 


 

Is Naofa, Naofa, Naofa

Is Naofa, naofa, naofa, thú
A thiarna Dia na slua
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir
Hósana sna harda
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna
H ósana sna harda