Airdí Cuan
Dá mbeinn féin in Airdí Cuan
In aice an tsléibhe úd ‘tá i bhfad uaim
B’annamh liom gan dul ar cuairt
Go Gleann na gCuach Dé Domhnaigh
Cúrfá:
Agus och, och Éire ‘lig is ó
É ire lonndubh agus ó
‘
s é mo chroí ‘tá trom agus brónach
Is iomaí Nollaig ‘bhí mé féín
I mbun abhann Doinne is mé gan chéill
Ag iomáin ar an trá bhán
Is mo chamán bán i mo dhorn liom
Nach tuirseach mise
anseo liom féin
Nach nairím guth coiligh, londubh nó traon
Gealbhán, smaolach, naoscach féin
Is chan aithním féin an Domhnach
Dá mbeadh agam féin ach coit is rámh
Nó go n-iomarfainn ar an tsnámh
Ag dúil as Dia go sroichfinn slán
Is go bhfaighinn bás in Éirinn
Aisling gheall
Aisling gheall, do
shlad trím néal
mé
Is go rabhas tréag lag i seal i’m luí
Is go rabhas i ngleann cois abhann i’m aonar
‘
S go rabhas ag aerach le grá mo chroí
Go raibh na gcampaí Gall in Gaelach
Agus claimhte géara ag uaisle an tsaoil
Ag breith bharraigh is a rá le chéile.
Go mbeadh clan na bhfaoite anois le fáil gan mhoill
Ba ghearr a shamhaill dom go dhearcas mary
Gus grauig a cinn leí go féar ag fás
Dea-fholt ag teacht mar na réaltan
Ag titim leíse go barr a troigh
Ag scuaib an drúchta de bharr an fhéar ghlais
Is is lúfar éadroim mar a shiúladh sí
A da chíoch chruinn ar a hucht go néata
A ghrau mar caortha 's do’b fháil liom a píob
Do bheannaíos-sa
dom chuid I nGaelainn
‘
S is modhuil ‘s is béasach do fhreagair sí
A phlúr na bhfearr mo shlad ná dein-se
Mar is maighdean mé nár thánaig dh’aois
Da diocfaidh sa ngreann dúinn clan a dhéanamh
Is da mbeadfá séantach in san ghníomh
Go gear ón mbás mé is go bhfágfainnse Éire
Mar ghóst im aonar bheinn romhat sa tslí
Do leagas mo lámh uirthi go béasach
O bhunn a stays go barr a troighe
‘
S in aghaidh gach stair go ndeininn léamh dí
Go bpógfainn a béilín tlaith airís
Nuair a fuaireas-sa dhom gur ghéill sí
Mo chroí do léim mar an éan ar chraoibh
‘
S tri lár mo smaointe gur mhuscail néal mé
‘
S de chumha ‘na deidh siúd ní mhairfead mí
Amhrán na hEascainne
"Cé raibh tú ó mhaidin a dheartháirín ó?
Cé raibh tú ó mhaidin a phlúir na bhfear óg?"
"
Ag iascach 's ag foghlaereacht, cóirigh mo leaba dhom,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a d'ith tú ag do bhricfeasta a dheartháirín ó?
Céard a d'ith tú ag do bhricfeasta a phlúir na bhfear óg?"
"
Eascann a raibh lúb uirthi, nimh fuinte brúite uirthi,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a fhágfas tú ag do dheartháir a
dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do dheartháir a phlúir
na bhfear óg?"
"
Muise, cúig mhíle punt aige, gunna agus cú aige,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a fhágfas tú ag do dheirfiúr a
dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do dheifiúr a phlúir
na bhfear óg?"
"
Caoirigh beaga bána aici, na beithigh le bleán aici,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a fhágfas tú ag t'athair a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag t'athair a phlúir na bhfear óg?"
"
Eochair mo stábla aige, cuig mile púnt aige,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a fhágfas tú ag do mháithrín
a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do mháithrín a
phlúir na bhfear óg?"
"
Má fhágaim an saol go brách aici, fágfad croí cráite
aici,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a fhágfas tú ag do chuid páistí a
dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do chuid páistí a
phlúir na bhfear óg?"
"
Muise fuacht fada 'gus seachrán, agus oíche ar gach bothán,
Tá mé tinn fá mo chroí agus caithfidh mé luí."
"Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta
a dheartháirín ó?
Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta a phlúir
na bhfear óg?"
"
Ifreann mar dhúiche aici, na Flaithis a bheith dúinte uirthi,
Tá mé tinn fá mo chroí agus bead go deo deo."
The Song of the Eel (Lord Randall)
"Where have you
been since morning, my pet?
Where have you been since morning, oh flower of young men?"
" Fishing and fowling. Make my bed for me.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What did you eat
at your breakfast, my pet?
What did you eat at your breakfast, oh flower of young men?"
" An eel with a twist in her, poison kneaded and mixed into her.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What will you
leave your brother, my pet?
What will you leave your brother, oh flower of young men?"
" Five thousand pounds, a gun and a hound.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What will you
leave your sister, my pet?
What will you leave your sister, oh flower of young men?"
" Little white sheep and the cattle to milk.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What will you
leave your father, my pet?
What will you leave your father, oh flower of young men?"
" The key to my stable, that and my mare.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What will you
leave your mother, my pet?
What will you leave your mother, oh flower of young men?"
" If I leave life forever to her I'll leave her a broken heart.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What will you
leave your children, my pet?
What will you leave your children, oh flower of young men?"
" A long time wandering in the cold, and each night a different shelter.
I'm sick in/to my heart and I'll have to lie down."
"What will you
leave your wedded wife, my pet?
What will you leave your wedded wife, oh flower of young men?"
" Hell as her surroundings and Heaven to be closed on her.
I'm sick in/to my heart and will be for ever and ever."
An Bhuatais
Ailéiliú a
dhuine a chuinnigh an t-ualach,
Ar mhiste leat gluaiseacht nó an mairfir go brách.
Bagún dod chistin a d’oirfearrómhar duit
Is má chuirfear san uaigh leat é codail go sámh.
Dá mhéad iad do dhlithe, d’ionmhas is d’ualach
Chífidh tú an tuama romhat lán des na cnámha
Ach de réir mar a thuigim do shentence an uair úd
Ní thabharfaise an bhuatais go flathis na grás
Is dóigh liom gur chodail tú i
graicean mhic tire
Is an t-ainspiorad coimhthíoch ag faire ar do bhráid.
Ná dean dia ded bholg I bpobal na ndaoine,
Nó an bhfeiceann tú gaeil bhocht le heasnamh ag fail bháis.
D’aithníos ar do dhochma lá croite na síol
dom
Nach raibh do chroí istigh ag smaoineamh ar eagla an bháis
Ach an crann a mbíonn an toradh air ní chloisim go gcríonann,
Is go bhfóir go caoin ort Mac Mhuire na ngrás.
An té a thabharfadh
bliain ar an leaba i ngalar is i gcruatan
Is a d’éireodh ina sheasamh ag grafadh is ag bualadh,
Is ní smaoineodh ar aifreann beannaithe an uanmhic,
A shaorfadh ón gcruatan a anam lá an ghá.
Ailéliú, a dhuine, a chonaic tú na mílte,
Is ní fhaca tú íosa a d’fhulaing an pháis
Ar chranna an croise is aa chonairt á dheoladh,
Mar a mbíodh an fhuile ghlómar ina ceathanna ar lár.
Mo ghrá, mo lagar,
I mbranar ag gluaiseacht,
Ní chloisim aon duan uait i bhflaitheas na ngrás;
Ní airim, ná mearmram cneasta ná cneasta na stuama,
O cailleadh Eoghan Rua bocht níl a bharra le fail.
Nó ar fhéach tú go minic ar dhuine a bhí I
gcruatan?
Gheobhidh tú do dhualgas, mar a mheasaim, lá an bháis;
Raghair sna flaithis gan hata, gan bhuatais.
Ach cochall r ó-ausal anuas ort go sail.
An buachaill caol dubh
Nuair a théim ar aonach ag cannach éadaigh
Agus bíonn an éirnis agam I mo láimh
Do síneann taobh liom an buachaill caol dubh
,S cuireann an caol-chraobh isteach I mo láimh
Is gear ‘na dhéidh sinn go mbíonn go haereach
Gan puinn dem chéill ‘gam ‘s mé os cionn an clár
A ‘díol na n-éileamh do bhíonn am chéasa
Seacht mí gan léine ‘s mé os cionn an clár
Sé an buachaill caol dubh fada féileach
Clisde léigheanta ‘s gur mhaith é a shnó
Do chlaoidh I bpéin mé ‘s do nhill I n-éag mé
Is d’fhág mé féinig ar beagán stóir
Dhon fhrainc dá dtéinn nó go cuan Binn Éadair
Nó a dul don léim sin go h-inis mór
Ó
bíonn an séithleach im dhiadh ar saothar
Mara mbeinn féin uaidh ach uair de ló
Do casadh aoibhill na
craige léith orainn
A’ gabhaill na slí is do ghaibh liom báidh
Is dúirt dá ngéillfeadh an buachaill caol dubh
Go dtúrfadh céad fear dó suas im áit
Do labhair an caol-fhear go gonta gear leí
Is dúirt ná tréigfeadh a charaid ghnáth
Gur shúil sé Éire tré choillte ‘s réitigh
Le cumann cléibh is le searc im dheáidh
An Caiptín Ó Máille
An chéad lá de mhí an fhómhar
Sea chroch muid na seolta
‘
S ag tarraingt ar na cósatí
Go tóin an Buinneáin siar
Agus thart anseo le Cliara
Agus acaill d’fhág taobh thiar dhi
‘
S go hinis Oirc ná dtrialladh
Beidh Éire cruinn a’n ann
Agus thart le Roth na Maoile
Agus síos go Cruach na Caoile
An Cloigeann lena thaobh sin
‘
S Trá Bhríde ‘na ndiadh
Nó gur dhoirt muid le fána
Thríl farraige is í ‘cáthadh
Go ndeacha muid don Rátha
Mar is ann a bhí ár dtriall
Is ag síneadh dhúinn le hÁrainn
Mhéadaigh ar na ngála
Bhí cúrsa istigh ar thráth again
‘
S ní mba tráth faille é
Ach gus árdaigh sé chun feochaint
Is an sin chun gaoithe moiré
Gur chroch muid na seolta
’
S níor mhór dúinn é in am
An fharraige gur ghéim
sí
Agus las na tonta tréana
Ó
chruinnigh na spéartha
Agus mhéadaigh ar an gceo
‘
S dá mbéadh caint ag an clára
Go n-inseoidís scéal cráite
An ghoireacht is chuaigh an bás dúinn
‘ S gan eadrain ach iad
Bhí criú na
loinge ar aon chor
‘
S iad ag dearcadh ar chiar m’éadain
Ag súil le cabhar a dhéanamh
Agus gan aon maith dhóibh ann
Ach gur dúirt mé leo ar aon chor
Go ndéanfainn dhóibh a bhféadfainn
Ag iompar a gcuid éadaigh
An fhaid ab fhéidir léithe snámh
Agus tá mo láimhe strócaithe
Go síoraí ag tarraingt rópaí
Tá an craicean is an fheoil
Is é tarrangtha amach ón gcnáimh
Ach más é an bás a gheal mac Dé dhúinn
Cén maith é bheith dhá shéanadh
Ach ag gabhail go flaitheas Dé dhúinn
In aon stad amháin.
An Druimfhionn Donn Dílis
A Droimfhoin donn dílis,
Is fíor scoth na mbó
Cá ngabhann tú san oíche,
‘
S cá tú sa ló
Ó
bím-se ar na coilltibh,
S mo bhuachaill im chomhair
Agus d’fhág sé siúd mise
Ag sile na ndeoir
Níl fearann níl tíos
agam
Níl Fíonta ná ceol
Níl flaithibh am choimhdeacht
Níl saoithe ná slógh
Ach a síor-ól an uisce
Go minic sa ló
Agus beathuisge ‘s fíon
Ag mo mo naimhdibh ar bórd
Dá bhfaighinn-s
ceaad aighnis
Nó radharc ar a’ gcoróinn
Sasanaigh do ledhbfinn
Mar do leidhbfinn seana-bhróg
Trí bogaithe, trí coillte
I trí dhraighneach lá ceó
Agus siúd mar do sheólfainn
Mo dhroimeann donn óg
An Mhaighdean Mhara
Is cosúil gur mheath tú ná gur thréig tú an
greann
Tá an sneachta go frasach fá bhéal an fháin
Do chúil buí daite is do bhéilín sámh
Siúd cugaibh Mary Chiní is í i’ ndiadh an Éirne
a shn ámh
Mháithrín mhilis dúirt Máire Bhán
Fá bhruach a’chladaigh ‘s fá bhéal na trá
Maighdean mhara mo mháithrín ard
Siúd chugaibh Mary Chiní is í i’ ndiadh an Éirne
a shn ámh
Tá mise tuirseach
agus beidh go lá
Mo Mháire bhruinneall ‘s mo Phádraig bán
Ar bharr na dtonnaí is fá bhéal na trá
Siúd chugaibh Mary Chiní is í i’ ndiadh an Éirne
a shnámh
An raibh tú ar an gCarraig
An raibh tú ar an gcarraig nó an bhfaca tú féin
mo ghrá
Nó an bhfaca tú gile nó finne agus scéimh na
mná
Nó an bhfaca tú an t-úll ba cumhra is ba mhilse bláth
Nó an bhfaca tú mo vailintín nó an bhfuil sí ag
claoi mar t áim
Bhíos-sa an gcarraig is chonaic mé féin
do ghrá
Chonaic mé gile agus finne agus scéimh na mná
Chonaic mé an t-úll ba cumhra is ba mhilse bláth
Chonaic mé do vailintín agus níl sí ag claoi
mar t áir
Nuair a bhíomse im choladh bíonn osna gan bhrí im
chliabh
Is mé im luí idir chnocaibh go dtige an ghrian aniar;
A ruin ghil ‘s a chogair níl furtacht mo chúise ach
Dia
‘
s go ndearnadh loch fola de sholas mo shúl id dhiadh
An Sagairt ó Dhomhnaill
Bhí mise i dtigh an mhinistéara aréir
Bhí bia agus ól ag an duine sin
Bhí triúr cailíní óga ann
Is nach trua gan mé pósta le duine acu.
Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do dheartháirín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú
Chonaic mé iníonn an mhinistéara aréir
Bhí hata gus clóca dubh uirthi
Armcót go dtína dhá glúinne
Is nár gheall leis an bpúca chugat í
Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do dheartháirín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú
Ó b'fhear liomsa amuigh ar an tsráid
Mo mhaide i mo láimh agus pluid orm
Ná thuas ar fhuinneogaí arda
Ag éisteacht le dántaireacht mhinistéar
Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do mháthairín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú
Agus shiúil mé abhus
agus thall
I móta ghráinneoige sea rugadh mé
Is ní fhaca mé aon iontas go fóill
Ach an sagairt Ó Domhnaill ina mhinistéara
Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do máthairín ó
Agus gheofaidh tú an glóir má fhilleann tú
Ó is mo dhiombu go brách
ar na mbrá
Mar is iad a bhainn dhíomsa mo shaigairtín
Léigh se an t-aifreann Dé Domhnaigh
Agus bhí sé Dé Luain ina mhinistéar
Fill fill a rún ó
Fill a rún ó is ná himigh uaim
Fill ar do phobal go doe
Is beidh banr íon na glóire ag feitheamh leat
An Scailpín Draighneach
Agus maidin chúin dhár éiríos
Is amach faoi bharr na gcoillte
Ansúid is ea buaileadh an saighead liom
Is mo leigheas ní raibh le fail
Nó go dhearc mé an bhruinneal mheidhreatha
Faoi bhruach na sceilp draighne
Agus gheit(e) mo chroí le meidhir aici
Is dheamhan-ar éirigh liom í fháil. Is
nach trua gan mé in mo smóilín
Is nach leanfainn tríd an ród thú
Mar gur tusa bláth na hóige
A thógfadh suas mo chroí
Mar go mbeinn ag seinm cheoil dhuit
Ó
mhaidin go thrathnóna
S’ gur le cheiliúr binn do glórtha
Thug, mé mór-gheann do mhnaoi Is buachaill mé atá aonraigh
Is ní bheidh mé i bhfad má fhéadfaim
Go siúlfaidh mé na réigiún
Is as sin don tír anon
Ó
Chorcaigh go Beann Éadair
Is o Bhaile Cliath, na dhiadh sin
Is go druithead abhaille ‘n tsléibhe
Nó go Béal an Átha siar Agus rachfaidh
mé má fhéadfaim
Go meirceá i dtús an tséasúr
Ins an áit-nach mbeidh mo gaolta
Ar aon taobh ná ag tíocht romham
Is ní fhillfidh mé ar m’ais go hÉireann
Nó go labharfaidh an chuach, sa nGeimhreadh
Go mbeidh caisleán ag, mo mhuintir
Is é bheith deanta ar bhruach an chuan.
An Spailpín Fánach
Is a spailpín aerach tréitheach
mise
Is bígí ag soláthair mná dhom
Mar chraithfinn an síol faoi dhó san Earrach
In éadan taltaí bána
Mar chraithfinnan síol faoi dhó san Earrach
In éadan taltaí bána
Mo láimh ar a’ gcéacht i ndiadh na gcapall
Is go réabfainnse conic le fána
Ó’s mo chúig chéad slán leat a dhúithe
m’athar
Is go deo deo don oileán grámhar
Don scata fear óg atá ‘mo dhiadh ag baile
Nár chlois orm in am an gháthair
Tá Bleá Cliath dóite is tóigfear Gaillimh
Beidh lasadh a’inne ar thinnte cnámha
Beidh fíon agus beoir ar bord ag m’athair
Sin cabhair ag an Spailpín Fánach
Is an chéad lá in Éirinn dár liostáil
mise
Bhií mé súgach sásta
‘
San darna lá dár liostáil mise
Ó
bhí mé buartha cráite
Ach an triú lá dár liostáil mise
Thiúrfainn chúig céad púnt ar a fhágáil
Ach ‘á dtugainn sinn is an oiread eile
Ní raibh mo ‘phass’ le fail a’m
Agus bhí mise lá breá ar
mhargadh Chill Channigh
Agus tháinig sé go trom ag básiteach
Is tharraing mé isteach is chuir mé cúl le balla
Agus thosaigh mé ag glaoch na gcárta
Mar ghlaoidh isteach orm bean ‘a leanna
Ag súil is go nólfainn ma phaighe
Is dheamhan deor dár glaoiadh as sin go maidin
Nach raibh síos in aghaidh an Spailpín Fánach
Agus bhí mise lá breá thíos
I nGaillimh
Is bhí an abhainn ag góil le fána
Bhí an breac is an eascain is an beartín slat ann
Is chuile ní dhá bhréachtha
Is bhí mná óga ann go múinte tóigthe
Said a bhí tanaí tláith deas
Ach dheamhan bean óg dhá suidhfinn-se leí
Nach gcuirfinn an dubh ar an mbán di
Agus b’fhuide liomsa lá bhéinn
i dteach gan charaid
Ná bliain mhór fhada is ráithe
Mar is buachaillín aerach súgach meanmnach
A bhréagfadh an bhruinneall mhánla
Dhá bhean déag a bhí ag éad is ag iomadh liom
Ag súil le tairbhe mo láí
Is gurb é paidir na caillí nuair a théinse that an
táirseach
Ná, “Behave yourself a Spailpín Fánach.”
Bímís ag ól
Trathnóinín fómhar ar leataoibh an ród
Sea dhearcas an óg-bhean mhomharach deas
Is blasta ‘s is comhar do labhair a bheol
Ó
téanaim ag ól agus díoladsa as
cúrfá
Agus bímis ag ól ag ól is ag ól
bímis ag ól is ag pógadh na mban
bímis ag ól is ag rince le ceol
is nach aoibhin an gnó bheith á bpógadh gan tart
Bhí tabhairne san áit is níor bhaoil dúin
dul sall
I gcomhluadair glánta diúgadh gan stad
Punch dúinn ar bórd is ea dordaigh mo stór
Is bhímís go glórmhar go ghloaigh an coilleach
Bhí an spéirbhean le’m
ais aidhg glisneathach geal
A bheolla caor dearg braon branda ‘na glaic
Do bhlaiseas a beol is ba fonamhar a póg
Tóg bog é a Dhónal nó díolfaidh tú as
Bhuaill fear liom inné is é ag ól cupán
té
Ó
bhí sé lag tréith is é breoite go maith
Dá n-ólfadh sé taosc de phoitín Cúl Aodha
Ba ghairid é ag léimt is é ag tóiríocht
na mban
Is sin sínte go soghach tairéis iomad den ól
Ach ar buile a dó ar an ndoras do bhuail cnag
An sairsint ar thóir barantas ‘na ghlaic
Ach déalaigh gach geoghach thar clathac amach
An Chailín Álainn
Tá cailín álainn, a dtug mé grá dhi
Sí 's deis' is áille, ná bláth 's ná rós
Gan í ar láimh liom, is cloíte atá mé
Ó
a chailín álainn, 's tú fáth mo bhróin
Curfá:
A chailín álainn, a dtug mé grá duit
Ó
bí ar láimh liom, mo mhíle stór
Ó
abair liomsa, gur tú mo ghrá gheal
Beidh orm áthas, in áit an bhróin
Nuair a éirím,
amach go huaigneach
Siúd é an uair, is mó mo bhrón
O bím ag smaointeamh, ar an chailín uasal
Atá i bhfad uaimse, mo chreach 's mo bhrón
Dá dtiocfá liomsa, a chailín álainn
Aríst go brách ní, bheadh orm brón
Sheinnfinn ceol duit, mar cheol na cláirsí
Nó ceol binn smóilín, 's an drúcht gheal cheo
Cailleach an Airgid
Sí do mhaimeo í, sí do mhaimeo í,
Sí do mhaimeo í, sí cailleach an airgid
Sí do mhaimeo í, ó bhaile Iorais Mhóir í
S’ Chuirfeadh sí cóistí ar bhóithre
cois fharraige
Da bhfeicfeása ‘n steam ga’l siar Tóin Uí Loing
‘
S na rothaí goil timpeall siar ó na ceathrúnaí
Chaithfeadh sí’n stiúir naoi n-uair ar a cúl
‘
S ní choinneodh sí siúl le cailleach an airgid
Measann tú bpósfa, measann tú bpósfa,
Measann tú bpósfa, cailleach an airgid.
Tá ‘s am nach bpósfa, tá ‘s a’m nach
bpósfa
Mar tá sé ró-óg agus d’ólfadh sé ‘n
tairgead
‘S gairead go bpósfa, ‘s gairead go bpósfa
‘
S gairead go bpósfa, beirt ar an mbaille seo
‘
S gairead go bpósfa, ‘s gairead go bpósfa
Seán Shéamus mhóir agus Máire Ní Chathasaigh
Caoineadh na dTri Mhuire
A Pheadair a aspail
an bhfaca tu mo ghrá bhan
Ochón is ochón ó
Chonaic me ar bar é is é dhá chéasadh in airde
ochón is ochón ó
Cé hé an fear breá sin ar chrann na páise
An é nach n-aithníonn tu do mhac a mháithrín
An é sin an maicín a diompair me trí ráithe
No an é sin an maicín a rugadh in san stábla
An é sin an maicin
a hoileadh in ucht mhaire
A mhicín mhuirneach tá do bhéal is do chróinín
geartha
Agus crocadh suas í ar ghuaillní arda
Agus cathadh anuas í ar leacrachai na sráide
O buailigi mé féin ach na bainí le
mo mhaithrin
O maróidh muid thu féin agus buailfidh muid do mháithrín
Agus cuireadh táirni maola thrína chosa 's thrína
lámha
Agus cuireadh an tsleá thrina bhrollach álainn
Gabhaigí a dhá mhuire go gcaoinfidh muid mo ghrá geal
Céard tá le caoineadh a'inn, muna gcaoinfidh muid a chnámha
Ó éist a mháithair agus ná bí cráite
Ta mná mo chaointe le breith fós a mháithrín
Is a bhean atá ag gol de bharr mo bháise
Beidh na ceadta inniu i ngairdin ph árrthais
Casadh an tSúgán
Má bhíonn tú liom bí liom os comhair lán a’ tí
Má bhíonn tú liom bí liom de ló geal is d’oích
Má bhíonn tú liom is gur liom gach orlach do chroí
‘
Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi Is
thíos I Sligeach chuir mé eolais ar na mná
Thiar I ngaillimh d’ól mé leo mo sháith
Dar bhrí mo mhaide mara ligfidh said liom feasta seachas mar atá
Ó
déanfaidh mise cleas a bhaineas siúl as na mná Agus d’imir mise cleas I dteach Uí Dhónaill aréir
‘
S an dara cleas I dteach a bhí go dlúth lena thaobh
An triú cleas cén mhaith bheith caint gan chríoch a
chur le mo scéal
Chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín
f éir Agus tháinig mise isteach I dteach dhá uairín
roimh lá
Bhí bean ar meisce ann is cúl a cinn fuithí ar lá
Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal go huasal ná go
hard
Ach chuir mé cois lena cois nó go casamar an súisín
geal bán Is dá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar phógfaí a
béal
Is mara mbeadh nach fada ó bhaile a seolfaí é
Tá iníon na caillí gliobaí, cataí pósta ó aréir
Is má tá ghrá sa mbaile ‘s gan duine aici a phógfadh
a béal Is cén cat mara chas ‘na háite
seo mé
Nach iomaí cailín ins an áit a d’fhág
mé ‘mo dhiadh
Mar gheall ar throid ‘s ar bhruíon ‘s ar rud eicínt
narbh fhíor
Muise óinseach caillí is iníon aici a bhí gan
chiall ‘Gur chuirfinn, threabhfainn agus chraithin an síol
go domhain sa gcré
Sheolfainn ba sna páirceanna is airde a bhfásann fear
Chuirfinn crú ar an each ba dheise ba lúfar a shiúil
ariamh fear
Ach d’éalódh bean le fear nach ndéanfadh é sin
fhéin. Má bhíonn tú liom bí liom os comhair lán
a’ tí
Má bhíonn tú liom bí liom de ló geal
is d’oích
Má bhíonn tú liom is gur liom gach orlach do chroí
‘
Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar
mhnaoi
Donnacha Bán
Is ar an mbaile seo is ea chonaic sibh an t-ionadh
Ar Donnacha Bán bocht is é dá dhaoradh
Bhí caipín bán air in áit a hata
Agus róipín cnáibe in áit a charabhata
Agus tá mé a’ teacht ar feadh na hoíche
Mar a bheadh uainín i measc seilbh mhór chaorach
Mo bhrollach foscailte is mo cheann liom scaoilte
Is cá bhfaighinn mo dheartháirín romhan ach sínte
O chaoin mé an chéad
dreas ag gob an locha
An dara dreas ag bun na croiche
An tríú dreas os cionn do choirpse
I measc na nGall is mo cheann dá scoilteadh
Is a Dhonnocha Bháin bhocht a dheartháirín dílis
Is maith atá a fhios agamsa céard a bhain díom thú
Ag ól an chupáin ‘s ag deargadh an phíopa
Is ag siúl na drúchta le coim na hoíche
Is tá spré Dhonnacha Bána
g teacht abhaile
Ní bó ná caoirigh é ná capaill
Ach tobac is píopa agus coinnle geala
Is ní dá mhaíomh é ar lucht a gcaite
Is a mhic Uí Mhutháin, ná raibh do chlann le chéile
Ná do chlann iníon ag iarraidh spré ort
Tá dhá cheann an bhóird folamh is an t-úrlár
Agus Donnacha Bán mo driotháirín sínte
Eileanóir a rún
Mo ghrá dhun chéad fhéacaint thú,
Eileanóir a rún.
Is ortsa a bhímse ag smíonú,
an trá bhíonn i mo shuain.
A ghrá don tsaoil, is mo chéad searc
is tú is deise ná ban éireann.
A bhruinillín deas óg, is tú is deise milse póg,
Cionn is mhairfid beo beg geann am ort.
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
Eileanóir a rún.
Bhí bua aici
go mealfaidh sí
na h-éanlaithe ón gcrann.
Bhí bua eile aici go dtógfadh sí
an suan-choirp ón mbás.
Bhí bua eile aici nach ndeirfeadh,
sí grá mo chroí is mo chéad searc.
A bhruinillín deas óg, is tú is deise milse póg,
Cionn is mhairfid beo beg geann am ort.
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
Eileanóir a rún.
An dtiocfaidh tú nó a
bhfanfaidh tú
Eileanóir a rún
Nó in aineoin an té nach gcáinfeadh tú,
a chuid den tsaoil is a stór.
Ó
tiocfaidh mé, is ní fhainfidh mé
Is maith d’aithneoin an té nach gcáinfeadh mé.
A bhruinillín deas óg, is tú is deise milse póg,
Cionn is mhairfid beo beg geann am ort.
Mar is deas mar a sheolfainn gamhna leat
Eileanóir a rún.
MÁIRE NI LAOGHAIRE
Ós a Mháire Ní Laoghaire ó Bhéal a Chéama,
mar a mbíonn an eilit mhaol á muscailt,
An amhla` eagais ná háirim aonphioc de ghuth do bhéil
sa dúthaigh.
Nó an bhfeacáis éinne ag gabháil moch nó déanach
sa ghleann sa taobh le Diúchoill,
Do `neósfadh scéal duit ar chursaí an tsaoghail seo
go bhfuil Clanna Gael i gc úngracht.
Do chuala sceilín anois le deanaí ó fhideóg
sle` bhí i ndiuchoill,
Go suífeadh téarma gan mhóill in Éirinn do chuirfeadh
béir ar gcúlaibh.
Go mbeadh Repealers is a bhforsai tréanna agus cúnamh Dé a
stiúradh,
Agus buíon an bhéarla gan fíon gan féasta agus
caitheamh pil éar da rúsca.
Go n-éirí an saoghal leis an bhfideóig sle` `muigh
do thug an scéal san chughat-sa;
Le gra`s le méin duit thar mhnaibh na hÉireann a bhláth`s
a chraobh na n-údar,
Ó
bhís cómh héasca `gus lamhach le béiraibh is
a bhfagaint tréith le púdar,
Gan cáirde taobh leó le grásta an Aonmhic do ghearr
an t éarma ar dtúis doibh.
Beidh stealladh piléar agus picí géara dá gcur
`na méadail bhrúidigh,
Beidh cloc is craobh orthu ó laimh gach éinne agus mallacht
Dé ar a gcumplacht.
Go mbeidh siad faon-lag faoí spalladh gréine gan neach sa
tsaol `na gcúram,
A gcoin `s a mbeagles `s a gcapaill traochta gan duil i ngéim na
i li ú acu.
A mhic a` dea-athar,
do chuala trácht ort, gur mhaith do cháil
id dhúthaigh,
Guím séan is áthas is sliocht faoí bhláth
ort a chuirfidh caráiste is fonn ort;
Da gcastai lá orm tú i dtig `n taibhrne do thabharfainn cárt
faoí chúr duit,
Is crothadh láimhe ag ól do shláinte agus puins ar
chl ár go flúirseach.
Ó go deimhin a stóraighe, más fíor do ghlórtha
gur dheinis óg arís mé,
Chun tally-hó bheith ar mhnáibh na rógairi d`itheann
feoil Dé hAoine.
Is é deir lucht eolais go mbeidh siúd brónach mar gheall
ar phóit an tsaoil seo,
Ná leanann comhairle na gcléire córach, is gabháil
an b óthar díreach.
Na cleaganna
Mícheál Ó Tuama
An bhfacair-se Seán ó bharr a’chnoic
‘
S é ‘r leic a’tinteáin ‘s é ‘rince
jig
Do dheineadh sé gleo le cleaganna nó (nua)
A tháinig an treo seo ó Cheann Toirc
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin
ort.
Do bhíodar ‘na mbróga
gleoite deas’
Go cluthar compórdach, thar meoin le teas
Níor bhfearra dhuit clúmh mar cneastacht faoi d’bhún
(bhonn)
Ná péire breá cúmtha ‘cú siúd
a bheidh ort,
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin
ort.
Bhí leigheas na mílte aicíd
iontu
Do scaipfeadh gan mhoill liathbhuí nó triuch
Do chuirfeadh chun fáin crampí ‘gus fuachtáin
Is mórán eile gearáin ná h-áirím
díbh
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin
ort.
Ní cuileann ná draighean a bhí na’mbann
Ach píosa breá deil a bhí éatrom úr
Bhí teanga bhreá shleamhain do craiceann óg gamhain
Nár gearradh ró ghann, sé mo lom nach liom iad
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin
ort.
Bhí péire ‘cú siúd
ag Fionn fadó
‘
S mó cnoc is sliabh cúm do shiúlaig leo
Is mó cathair do thóg le buille dá bhróig
Do chuirfeadh chun sceoin na slóite fear
Agus ó bheann a’tí, cad é n’bhuairt sin
ort.
Na Connerys
A choimín mhallaithe, gúimse deacair ort agus gráin
Mhic Dé
‘
S ar an ngasra úd atá ceangailte go dlúth le do
thaobh
Mar is iad do dhearbhaigh i láthar Choistealbhaigh ar na triúir
fear séímh
‘
S a chuir na Connerys thar na farraigí go dtí’s na
New South Wales
An té a bheadh ina sheasamh ann ‘s a dhéanfadh macnamh
ar ár gcúis a plé
Mar do sheasaigh sí óna seacht ar maidin go dtí tar éis
a naoi
Chrith an talamh fúinn le linn a labhartha á dtabhairt
sa mbréag
Is mo ghraidhin é an t-anam bocht, tá sé damanta
más fíor í an chléir
Tá saicéad gairid á dhéanamh ó mhaidin
dúinn is triús dá réir
Culaith fharraige, ní nár thathaíomar i dtúis ár
saol
Murach feabhas ár gcarad bhí ar muinéil cneagaithe
is sinn go domhin san aol
Nó gur casadh sinn chun téarmaí a chaitheamh in
sna New South Wales
A bhanríónn bheannaithe ‘s rí na
bhfalitheas geal, tabhair fuscailt orain araon
‘
S ar an mbanalatra atá sa bhaile go dúch inár ndiadh
Le linn an aifrinn bígí ag agallamh is ag guí chun
Dé
Ar na Connerys a thabhairt soar abhaile chugainn ós na New South
Wales.
Oró, sé do bheatha abhaile
(Chorus)
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile,
Oró, sé do bheatha abhaile
Anois ar theacht an tsamhraidh.
'Sé do bheatha, a bhean ba léanmhar,
do b' é ár gcreach tú bheith i ngéibheann,
do dhúiche bhreá i seilbh méirleach,
is tú díolta leis na Gallaibh.
Chorus
Tá Gráinne Mhaol ag go duill ar sáile,
ó
glaigh armtha léi mar gharda,
Gaeil iad féin is ní Gaill ná Spáinnigh,
is cuirfidh siad ruaig ar Ghallaibh.
Chorus
A bhuí le Rí na
bhFeart go bhfeiceam,
mura mbeam beo ina dhiaidh ach seachtain,
Gráinne Mhaol agus míle gaiscíoch,
ag fógairt fáin ar Ghallaibh.
Chorus
Peigín Leitir mór
Ó gairim gairm í
Agus gairm í mo stór
Mile grá lem anam í
Sí peigín leitir móir
Tá Bríd agam tá cáit
agam
Sí eig an bhean is fear
Pé’r bith fear a gheobhfas í
Nach air a bheis an t-adh
Chuir mé scéala
siar aici
Go gceannóin dí bád mór
Sé’n scéal a chuir sí ‘niar agam
Go ndéanfadh leath-bhád seoil
Tá iascairí na
gaillimhe
Ag teacht anoir le coir
Le solas gealaí gile
Nó go bhfeicfidís an tseoid
Éirig suas a Pheigín
Gus seas ar bharr an áird
Comharaigh do chuid bhulláin
Agus féach a bhfuil said ann.
Raithineach a bhean bheag
Do chuireas mo gearchaile go barra na hAoine
Ag iarraidh stampai nó cácai miles
Nuair a thánaig si abhaille ni bhlaisfeadh fear an ti é
Raithineach a bhean bheag deanfaimid airis é
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach abhean bheag is déanfaimid an ciste
Raithineach a bhean bheag, a bhean bheag, a bhean bheag
Raithineach a bhean bheag is déanfaimid airis é
Ta tigh mór fairsing
I mbarra na hAoine
Bionn bean acu a ghlanadh is bean eile acu a scriobadh
Bean eile acú a fháscadh os cionn corcáin ar a dhicheal
Is seanbhean ar a corraghiob á leathadh ar a ngriosadh
Is anal ó shasana tháinig
an stampai
Agus thios I gCorcaigh a cuireamar an slacht air
Bhi siúcra a inneadh annis bolamachai braindi
‘
s an te a bheadh a ithe sin bam hire na ‘n stail é
Ar mo ghabháil ó thuaidh dom tri bharra na háoine
Cé chasfai orm ach an triúr bhean crionna
Bh duine ‘cú a inneadh agus duine ‘cu a scriobadh
Agus duine ‘cú a scagadh tr thoin a seana bhriste
Sé an tAthair Donnachadh an doctúir
diachta
An sagart is fearr da’r rainigh sa tir seo
Do chuir sé mallacht ar lucht stampai ‘scriobadh
Le h-eagla fiacla na sean mná crionna
Do chuireass-sa mo chailin-se isteach sa slearsa
Ag iaraidh grataera chun stampai scriobadh
Agus bhi glas ar an ndoras is an eochair aice Sile
Seachainig a’ stampai le h-eagla na Sile
Nuair a ghluaiseann
Máire Siún
agus Sile
Nóra agus cáit is sásta a bhid said
An juga ar an gclár is a chairt dá lionadh
Is mo cheol go brách sibh mhná cois aoine
Rosc catha na mumhan
Daithníos fein gan bhréag
ar fhuacht
‘ S na anfaithe theatar taobh le cuan
Ar canadh na néan go séarseach suairc
Is go ghearfadh mo sheasar glé gan ghruaim
Measaim go rubhach do Mhumhain an fhuaim
‘
S dá maireann go dubhach de chrú na mbuadh
Torann na dtonn le sleasaibh na loing
Ag tarraingt go teann ‘nár gceann ar gcuaird.
Tá lasadh san ngréin gach lae go neóin
Ní taise don rae, ní theidhin f e neól
Ta barra na gcraobh ag déanamh sceóil
Nach fada bheidh gaedhil i ngéibheann bróin
Tá aoibhill ar mise gus áine óg,
Agus clíonadh an bhruinneall is áille snódh
Táid mílte gus tuilleadh den táin seo fós
Dá suidheamh le buile gus tháinig an leoghan
Is annamh dom maidin ar amharc an laoi
Ná bainim chum reatha go farraige síos
Mo dhearca ar leathadh ag faire do shíor
Ar bharcaibh an fharaire ag gearradh na slí
Cruinnigheadh gach duine
d’fhuill Mhileadh tréin
Go ruitheann ‘na chuisle den bhfíor fuil braon
Do mhilleadh le dlighthe do crádhach le claon
Go mbuailfidh se buille le báire an tséin.
Sliabh na mBan
Ni airim bhearsa o lon na o cheirseach
Ni fhasann fear ins na gaortha ceart
Nil suim ag an speir bhean i sport na i bpleisiur
Ach i ag gol is ag beiceadh is ag reibeadh bas
A ra liom faoiseamh ni bhfaighead na seimh-fhir
Aon oiche in Eirinn na uain chun reast
Ag a truip seo mheirligh ata ag teacht lena cheile
O buaileadh go daor sin ar sliabh na mban
Is oth liom feinig bualadh an lae ud
Do dhul ar Ghaeil bhochta 's na ceadta slad
Mar ta na meirligh a deanamh game dinn
Is a ra nach aon ni leo pic na slea
Nior thainig ar Major i dtuis an lae chugainn
Is ni rabhamar fein ann i gcoir na i gceart
Ach mar a seolfai treada de bhuaibh gan aoire
Ar thaobh na greine de sliabh na mBan
Se ros de bhreoigh is do chlaoi go deo sinn
Mar a fagadh mor chuid dinn sinte lag
Na leannai oga na smolaibh ann doite
Is an meid a dfhann beo diobh cois clai no scairt
Ach geallaim fos doibh a dhein an foghladh
Go mbeam i gcoir doibh le pic is le slea
Is go gcuirfeam yoemen ag crith na mbrogaibh
Ag diol an chomhair leo ar sliabh na mban
Ta na francach faobhrach len a loingeas gleasta
Faoi crannaibh geara ar muir le seal
Se an sior sceal go bhfuil a dtriall ar Eirieann
Is go gcuirfid Gaeil bhochta 'ris na gceart
Da mba doigh liom feineach go mba fhior an sceal ud
Bheadh mo chroi comh h-eadtrom le lon ar sceach
Go mbeadh claoi ar mheirligh is na h-adharca da seideadh
Ar thaobh na greine de shliabh na mban
Táimse i m’ choladh
Trathnóinín déanach i gcéin
cois leasa dhom
Táimse i m’ choladh is na dúistear me.
Sea dhearcas le m’ thaobh an speirbhean mhaisiuil.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Ba bhachallach pearlach dreimreach barrachas
A carnfholt craobhach ag tearnamh lei go bhaillechrith
Is i ag caitheamh na saighead trim thaobh do chealg me.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Is mó bhuachaillin óg a tógadh
go ceannasach,
Táimse i m’ choladh is ná dúistear mé.
Do cuireadh le foirneart anon thar farraige.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Go bhfeicfead an la do mbeadh ar ar sasanaigh
Ughaim ar a ndroim is iad ag treabhadh is ag branar duinn
Gan mise bheith ann mura dteannam an maide leo.
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Agus eirig’ a chlann agus gabhaidh bhur n’airm
chughaibh
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Agus leagaigidh sa tsruil gach sgruile Sasanaigh
Taimse i m’ choladh is na duistear me.
Mura mairfeadh ach truer biodh truip ins gach baile ‘gaibh
O Charraig na Siuire go Cuis an daingean thiar
Arduigidh bhur lann tugaidh fogha faoi’s na Sasanaigh
Taimse i m ’ choladh is na duistear me.
Thugamar féin an Samhradh
linn
Samhradh Samhradh bainne na ngamhna
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí na nóinín glégeal
Thugamar féin an samhradh linn
Babóg na Bealtaine,
maighdean an tSamhraidh
Suas gach cnoc is síos gach glean
Cailíní maiseach go gealgáireach gléasta
Thugamar féin an samhradh linn
Thugamar linn é ón
gcoill chraobhaigh uainneach
Thugamar féin an samhradh linn
Samhradh buí ó luí na gréine
Thugamar féin an samhradh linn
Tá an fhuinseog ag seinm is ag luascadh sna spéartha
Á
thas do lá is bláth ar chrann
Tá an chuach is na fhuiseog ag seinm le pleisiúr
Thugamar féin an samhradh linn
Tomás Bán Mac Aogáin
Is aréir ag tíocht ón tóramh dhom sea dhearc
mé stór mo chroí
Mo chreach agus mo chrá mór ní sa mbaile a chaith mé an
oíche
Tá arraing ag góil trasna thríom is í ‘g
cónaí i lár mo chroí
Is a stór mara dtéigh tú abhaile liom, ní mhairfidh
m é beo mí
Is tháinig Tomás Bán ar cuairt orm ‘s mé in
uaigneas liom fhéin
Séard a dúirt sé ná bíodh buaireadh ort
ná rud ar bith mar é
Sí do chuilín catach a mharaigh mé is mar gheall ort
crochfar mé
‘
S gur measa liom naoi nuaire thú, ná an mháthairín
at á ‘n mo dhiadh
Ó is a Thomáis Bháin bí cinnte ‘s tú searc
is rún mo chléibh
A Thomáis a dtug mé gean dhuit seachas fearaibh óga ‘n
tsaoil
Crochfar thú go cinnte mara bhfuil ag grásta Dé
‘
S a dhia nach mór an feall é an planda breá mar é
Is tá cuireadh go Cill Chainnigh orm agus caithfidh mé dhul
ann
Beidh ann na seisiúin ceathrún idir Geail agus clanna Gall
Ní dhaorfar ann ach beirt eicint agus crocfar iad mo léan
Mar tá Tomás Bán Mac Aogáin ‘s Mac Uí Mhaoláin
lena thaobh
Ó is a Thomás Bháin Mhic Aogáin sé mo
léan thú dhul i gcill
Cé hionadh liom do mhaithrín bocht bheth go brónach
in do dhiadh
Dhá mbeithfeá ar leaba an bháis aici cér chás
di thú bheith tinn
Ach do chrochadh as na saltrachaí, ‘s an bháisteach
le do dhroim
Úna Bhán
Na ceithre Úna, na ceithre Máire, na ceithre Áine,
is na ceithre Nóra
Na ceithre mná ba ceithre bhreá sna ceithre ceirte de foghla
Na ceithre táirne a chuaigh sna cúinne sna ceithre mplantrach
sna ceithre contra
Ach mo ceithre ghrán ar na ceithre mná nár chuir na
ceithre gr á in sna ceithre phóga
A Úna bhán nic Dhiarmaid óig
Fíorscoth búrcach, brúnach agus brianach mór
Bhí do bhéal mar an siúcra, mar an leamhnacht, mar
fhíon is mar bheoir
Agus do chos deas lúthmhar, ‘sí a shúilferadh
gan fiar I mbr óg
A úna bhán ba rós I ngáirdín
thú
’
S ba choinleoir óir ar bhord na bainríona thú
Ba chláirseach cheoil a’ ghabháil na mbóithrí seo
thú
Agus sílimse a stór go mba ríbhreá an cailín
th ú
A shúil is glaise
nach ligeann anuas aon braon
A bhéal is binne ná guth na gcuach ar chraobh
A thaobh is gile na coipe na gcuan seo thíos
‘
S a stór ‘s a chumann, nach minic mo bhuaireamh thríot.
Tá an sneachta ar lár
is barr air chomh dearg le fuil
Samhail mo ghrá ní fhaghaim I mbealach ar bith
Féachaigí, a mhná, cé mb’fhear, ochón
ansin
Ná an t-aon ghlao amháin ag áth na danóige.
A úna bhán, is tú bhreoigh
agus mhearaigh mo chiall
A úna bhán, is tú chuaigh idir mé is dia
A úna bhán, a lúibín cumhra na gciabh
Nárbh fhearr dhomsa a bheith gan súil ná tú a
fheice ál riamh
A úna bhán, nach grána an luí é siúd
ort
Do cheann le fána in áít na mílte corp
Mara dtuga tú ag fáir orm, a phlandóíg bhí riamh
gan locht
Ní thiocfaidh mé ar t’áit go brách ach
an o íche
anocht.
Ag Críost an síol
Ag Críost an síol, ag Críost an fómhar;
in iothlainn Dé go dtugtar sinn.
Ag Críost an mhuir, ag Críost
an t-iasc;
i líonta Dé go gcastar sinn.
Ó fhás go haois, ó aois go bás,
do dhá láimh, a Chríost, anall tharainn.
Ó bhás go críoch nach críoch ach athfhás,
i bParthas na ngrás go rabhaimid.
A Rí an Domhnaigh
A Rí an Domhnaigh tar le cabhair chugaim, is tóg in am ón
bpéin mé.
A Rí an Luain ghil, bí-se buan liom, is ná lig uaitse
féin mé.
A Rí an na Máirte, a chroí na páirte, dean díonadh
Lá an tSléibhe dhom.
A Rí Céadaoine, soar ó géibheann mé,
cé fad’ ód chaomhghinn féin mé
A Rí Déardaoine, maith ár bpeacaí-ne, do dhein
do dhlí do réabadh
A rí na haoine, ná coinnigh cuimhne, ar mo drochgníomhartha
baortha
A rí an tsathairn, go síoraí achainím, mé ‘thabhairt
thar Acheron chaorthainn
Fé dhíon do thearmainn, trí ríocht an Aifrinn,
suas go Parathas Naofa
A bhanríon
oiriric, a bhanríon shoilibhir, a bhanríon
sholais na gréine
Ní haon tsaibhreas, atá uaim uaitse, ach leigheas
ar dhocar mo phéine
Na sluaite borba, a bhí ag gabháíl ormsa, is rug im’ choladh
orm tréimhse,
Cuir cogadh orthu, mar churadh cosanta, is tabhair ón ngaradh lá an
tSléibhe mé
A bhanríon álainn, go bhfuil na grásta ort, ó lúim
go hard agus glaoim ort
Ó’
s tusa máthair, an Linbh ghrámhair, déag don pháis
dár saoradh
Is é seo láithreach. am an gháthair. is mé gan
cairde taobh liom
Ó
tar im' láthair, cabhraigh lámh liom, is ná lig
don bhás
mé a thraocadh
Críost liom
Críost liom, Críost
romham,
Críost i mo dhiadh, Críost as mo chionnsa,
Críost fúm, Críost ina chónaí i
mo chroíse.
Críost ó dheas fúm,
Críost ó thuaidh.
A Thiarna tig slánú,
A Thiarna tig slánú
Go raibh do shlánú a Thiarna
inár measc go saol na saol.
Sé an Tiarna m’aoire Responsorial
Psalm (Ps.23)
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith
orm.
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith
orm.
Cuireann se i mo luí mé I móinéar fear uaithne.
Seolann sé ar imeall an uisce mé
Mar a bhfaighim suaimhneas.
Seolann sé mé ar rianta díreacha
Mar gheall ar a ainm.
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh
aon nith de dhith orm.
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith
orm.
Fiú dar súilfainn
i ngleann an dorchadais
Níor bhaoil liom an tolc
Agus tú faram le do slat is do bhacall
Chun sólás a thabhairt dom.
'Sé an Tiarna m’aoire, ní bheidh
aon nith de dhith orm.
'S é an Tiarna m’aoire, ní bheidh aon nith de dhith
orm.
Is Naofa, Naofa, Naofa
Is Naofa, naofa,
naofa, thú
A thiarna Dia na slua
Tá neamh agus talamh lán de do ghlóir
Hósana sna harda
Is beannaithe an té atá ag teacht in ainm an Tiarna
H ósana sna harda
|